Tuesday, 17 January 2017

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán Debate

First Page Previous Page Page of 2 Next Page Last Page

The Joint Committee met at 14:10

MEMBERS PRESENT:

Information on Aindrias Moynihan Zoom on Aindrias Moynihan Deputy Aindrias Moynihan, Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Senator Trevor Ó Clochartaigh,
Information on Éamon Ó Cuív Zoom on Éamon Ó Cuív Deputy Éamon Ó Cuív,* Information on Joe O'Reilly Zoom on Joe O'Reilly Senator Joe O'Reilly.
Information on Fergus O'Dowd Zoom on Fergus O'Dowd Deputy Fergus O'Dowd,  
Information on Bríd Smith Zoom on Bríd Smith Deputy Bríd Smith,  


* In the absence of Deputy Pat The Cope Gallagher.

Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly DEPUTY CATHERINE CONNOLLY IN THE CHAIR.

Gnó an Choiste

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Fáilte romhaibh go léir agus athbhliain faoi mhaise daoibh. Go raibh maith agaibh. Tá fhios agam go bhfuil sé deacair teacht inniu, go háirithe ag an am seo, ach ní raibh smacht agam ar an am. Is é an cinneadh a rinne mé ná an dá thoscaireacht, ó Ghaillimh le Gaeilge agus ó Chearta Oideachais, a ligean isteach i dtosach. An bhfuil sibh ok le sin? Beidh cúpla nóiméad againn anois go príobháideach chun deis a thabhairt dóibh teacht isteach.

The joint committee went into private session at 2.25 p.m. and resumed in public session at 2.29 p.m.

Cathracha Dátheangacha: Gaillimh le Gaeilge

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Fáilte romhaibh go léir agus athbhliain faoi mhaise daoibh. Tá bliain chrua amach romhainn, trí Ghaeilge agus trí Bhéarla. Ba mhaith liom fáilte croíúil a chur roimh an dtoscaireacht ó Ghaillimh, go sonrach ó Ghaillimh le Gaeilge, Ms Bríd Ní Chongóile agus Dr. Iggy Ó Muircheartaigh. Táimid ag tnúth le bhur gcur i láthair.

Ms Bríd Ní Chonghóile: Go raibh maith agat a Chathaoirligh.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Gabh mo leithscéal a Ms Ní Chongóile. Ní mór dom a rá freisin go bhfuil triúir agus mé féin anseo. Tá sé thar a bheith deacair do Theachtaí Dála bheith anseo mar tá Dáil Éireann ina suí freisin. Feiceann sibh é sin ar an monatóir.

Ms Bríd Ní Chonghóile: Go raibh míle maith agat a Chathaoirligh.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly I dtús báire tá píosa dlí agus reachtaíocht le léamh amach chun cur in iúl daoibh bheith cúramach maidir le bhur gcuid focal.  Sula rachaimid ar aghaidh tá rud eile le déanamh againn. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chur siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó leis na hoifigigh, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Ms Bríd Ní Chonghóile: Go raibh míle maith a Chathaoirligh. Ba mhaith liom cur in iúl, ar dtús, go mbeidh cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge linn thart ar leathuair tar éis a dó. Go raibh míle maith agaibh as an gcuireadh labhairt libh anseo inniu maidir le Gaillimh le Gaeilge agus stádas dátheangach do Ghaillimh – Príomhchathair Chultúir na hEorpa, 2020. Is ábhar bróid dúinn i nGaillimh le Gaeilge gur aontaigh comhairleoirí cathrach na Gaillimhe rún i bhfómhar na bliana 2015 le stádas dátheangach a bhronnadh ar an gcathair. Lá mór don Ghaeilge agus do Ghaillimh araon nuair a d’fhógair Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, Cathair na Gaillimhe mar an chéad chathair in Éirinn le stádas dátheangach oifigiúil Dé Luain, 7 Márta 2016. Bhí an stádas seo ar cheann de na príomhspriocanna ag Gaillimh le Gaeilge agus muid i mbun ár gcuid oibre ag cur na Gaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe.

  Dearbhú atá sa stádas speisialta seo do thodhchaí na Gaeilge sa chathair agus deimhníonn sé an tábhacht eacnamaíochta agus chultúrtha atá leis an teanga. Tá tionchar leanúnach ag an nGaeltacht ar Chathair na Gaillimhe, ar a féiniúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch. Téann suíomh na cathrach – gar don Ghaeltacht is mó sa tír – go mór chun a leasa eacnamaíochta freisin. Ní hamháin gur fiú os cionn €136 milliún in aghaidh na bliana an Ghaeilge do chathair agus do chontae na Gaillimhe, ach cuireann sí go mór leis an eispéireas cultúrtha a fhaigheann cuairteoirí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin mar go gcloiseann siad an teanga agus go bhfeiceann siad muintir na Gaillimhe á húsáid mar chuid dá saol laethúil. Tá an Ghaeilge lárnach freisin i gcothú atmaisféar beo fuinniúil na Gaillimhe agus i gcáil na cathrach mar chathair chultúrtha, agus is cinnte gur chuidigh úsáid fhorleathan na Gaeilge sa chathair le Gaillimh an stádas mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, 2020 a bhaint amach.

  Bunaíodh Gaillimh le Gaeilge chun a chinntiú go leanfadh an buntáiste mór geilleagrach don chathair a ghabhann leis an nGaeilge. Ó bunaíodh í, tá ag éirí le Gaillimh le Gaeilge infheictheacht na Gaeilge a ardú, agus úsáid na Gaeilge ó lá go lá a chur chun cinn sa chathair. Tá ag éirí le scéimeanna ar nós Cairde Ghaillimh le Gaeilge agus Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh dul i bhfeidhm ar phobal leathan ar bhealach cairdiúil agus oscailte.

  Cuireann muid ina luí ar ghnólachtaí na cathrach, a bhíonn ag fás agus ag méadú i gcónaí, go bhfuil ciall ag baint le húsáid na Gaeilge agus mar thoradh ar na gníomhaíochtaí sin, cuirtear go mór le hinfheictheacht na Gaeilge sa Chathair, agus bíonn tionchar aige seo ar dhea-thoil i leith na teanga.

  Cuireann muid seirbhís aistriúcháin agus tacaíocht phraiticiúil ar fáil chun cabhrú leis an lucht gnó comharthaíocht, páipéar ceannteidil, biachláir, suímh ghréasáin agus araile atá dhátheangach a sholáthar.

  Is ar infheictheacht na teanga a dhíríonn muid ár n-aird go príomha toisc go mbíonn tionchar mór ag timpeallacht dhátheangach fheiceálach, agus toisc gur sprioc insroichte é lenár n-acmhainní teoranta. Ba mhaith liom ag an tráth seo ár mbuíochas a chur in iúl don Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta – príomh-mhaoinitheoirí Ghaillimh le Gaeilge – as ucht an mhaoinithe a chuireann siad ar fáil dúinn gach bliain tríd an gCrannchur Náisiúnta.

  Is mór an cúnamh dúinn é chun ár gcuid seirbhísí a chur ar fáil do mhuintir na Gaillimhe agus, le cúnamh Dé, beidh ardú ag teacht ar an maoiniú sin sna blianta amach romhainn. Tá ár mbuíochas tuillte chomh maith ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus scéim Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe a chuireann suim fhiúntach airgid ar fáil dúinn gach uile bliain.

 Tá Gaillimh le Gaeilge ag leibhéal maoinithe faoi láthair nach féidir linn titim faoi. Tá deis aonuaire againn sa chúpla bliain seo romhainn, i gcomhthéacs Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, 2020, cabhrú le réimsí breise de shaol na cathrach an dátheangachas a fhorbairt. Chuige sin teastóidh foireann bhreise agus ciallaíonn sé sin méadú substaintiúil ar achmainní Gaillimh le Gaeilge, le tacaíocht airgeadais á fáil againn ó fhoinsí éagsúla. Go deimhin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfí méadú substaintiúil ar ár maoiniú le go mbeidh ar ár gcumas freastal ar réimsí eile seachas an réimse gnó agus seirbhísí níos cuimsithí a sholáthar don réimse gnó freisin.

  I measc thograí Ghaillimh le Gaeilge, tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Sheol Gaillimh le Gaeilge an gradam seo chun aitheantas a thabhairt do chuideachtaí agus d’eagraíochtaí a úsáideann an Ghaeilge ina ngnóthaí laethúla, agus a chuireann, dá bhrí sin, le cur chun cinn na Gaillimhe mar chathair dhátheangach. In onóir Sheosaimh Uí Ógartaigh, nach maireann, a ainmníodh an gradam. Ba chomhalta bunaidh agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge é. Tá an gradam ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é, agus méadaíonn líon agus éagsúlacht na n-iontrálaithe gach bliain.

  Is é an príomhurraitheoir, an Galway Advertiser, le tacaíocht Chumann Tráchtála na Gaillimhe agus urraíocht ó ghnólachtaí áitiúla agus náisiúnta eile, a mhaoiníonn an gradam. Bíonn breis agus €23,000 i gceist leis.

  Chun cabhrú le gnólachtaí ullmhú don ghradam, cuireann muid an tseirbhís Gaeilge sa Ghnó ar fáil chun gnólachtaí a threorú tríd an bpróiseas chun Gaeilge a shníomh isteach ina ngnó. Déanann muid athbhreithniú ar an ngnó ó thaobh a íomhá de, comharthaíocht, ábhar margaíochta, na meáin shóisialta, ábhar fógraíochta agus araile agus déanann muid scrúdú ar na féidearthachtaí i leith úsáid na Gaeilge. Bíonn foireann Ghaillimh le Gaeilge ar fáil le haghaidh comhairle agus aistriúchán a thabhairt, de réir mar is gá.

  Tá obair An Choiste Logainmneacha i nGaillimh ar cheann de na héachtaí is infheicthe agus is mó tionchar ó thaobh timpeallacht dhátheangach a chruthú. Bhunaigh Gaillimh le Gaeilge an Coiste Logainmneacha i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun logainmneacha feiliúnacha Gaeilge a chur ar fáil d’fhorbairtí nua tithíochta sa chathair. Cuirtear logainmneacha ar fáil i gcomhthéacs an cheantair áitiúil agus bunaítear ar thraidisiún fairsing agus ar shaibhreas na logainmneacha Gaeilge iad. Sa bhliain 2013, socraíodh téarmaí tagartha an choiste a leathnú chun páirceanna gnó, ionad pobail agus bóithre a ainmniú go dhátheangach nó i nGaeilge amháin de réir mar is cuí.

  Cuirtear Gaeilge labhartha chun cinn freisin trí imeachtaí éagsúla gnó ina gcuirtear an pobal gnó in aithne dá chéile, "lón gnó" agus imeachtaí séasúracha ina measc. Tá ról stocaireachta agus abhcóideachta ag Gaillimh le Gaeilge freisin, a chuireann aitheantas agus úsáid na teanga chun cinn i struchtúir chathrach ar nós gníomhaireachtaí turasóireachta, grúpaí gnó, agus araile.

  Tá triúr fostaithe go lánaimseartha ag Gaillimh le Gaeilge faoi láthair agus is é an bord, ar a bhfuil deichniúir stiúrthóirí, a leagann amach an polasaí. Tá Gaillimh le Gaeilge cláraithe mar chuideachta theoranta le stádas carthanachta agus dá bhrí sin mar chuideachta nach do bhrabús í.

  Chun stádas dátheangach na cathrach a neartú, tá sé tábhachtach na spriocanna seo a leanas a chur i bhfeidhm ar bhealach tomhaiste agus stuama, sna blianta amach romhainn. An leibhéal dátheangachas gníomhach atá in úsáid i gCathair na Gaillimhe a mhéadú agus cúnamh leanúnach cuí a thabhairt don leibhéal ard dátheangachais atá le feiceáil agus a bhfuil cáil ar Ghaillimh dá bharr.

  Comhaontú leis na húdaráis turasóireachta chun margaíocht a dhéanamh ar Chathair na Gaillimhe agus í a bhrandáil mar chathair dhátheangach, ag baint úsáid as lógó speisialta a dhearfar chun na críche sin agus as straitéisí brandála ábhartha eile, de réir mar is cuí.

  Dearbhú a fháil ó pháirtithe leasmhara ábhartha eile, go háirithe iad siúd atá cláraithe mar chairde Ghaillimh le Gaeilge, go n-úsáidfidh siad an lógó a dhearfar chun an chathair a bhrandáil mar ‘Gaillimh: an Chathair Dhátheangach’, aon uair is féidir leo, ina gcuid ábhar margaíochta féin.  Tá Gaillimh ainmnithe ag an Aire Stáit do ghnóthaí Gaeltachta, Teachta Seán Kyne, mar bhaile seirbhíse Gaeltachta, faoi fhorálacha alt 9 de Acht na Gaeltachta 2012, an t-aon chathair le bheith páirteach sa phróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012. Tá comhráití ar siúl idir Ghaillimh le Gaeilge, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe chun iarratas comhaontaithe a dhéanamh ar Fhoras na Gaeilge chun tabhairt faoin bpróiseas pleanála teanga don chathair.

Ceann de na dúshláin atá ann anois ná féachaint chuige go mbeidh na seirbhísí go léir a lorgaíonn cainteoirí Gaeilge na Gaeltachta agus cainteoirí Gaeilge na cathrach le fáil acu go héasca ina dteanga féin. Dá réir sin, i gcomhar le Gaillimh le Gaeilge, tá cinneadh déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe coiste stiúrtha a bhunú ar a mbeidh ballraíocht ag comhairleoirí, baill foirne den chomhairle, Gaillimh le Gaeilge agus daoine ábhartha eile atá freagrach as eolas a sholáthar don phobal maidir le seachadadh sheirbhísí dátheangacha. Tabharfaidh an coiste tacaíocht ghníomhach do neartú na Gaeilge sa saol cathartha agus cultúrtha agus i ngnó na cathrach.

Beidh a leanas riachtanach freisin: foireann bhreise a earcú chun na spriocanna a eascróidh as an bplean teanga do chathair na Gaillimhe agus a bhaineann go sonrach le hoibreacha Ghaillimh le Gaeilge a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go stuama; na limistéir sin atá laistigh de theorainneacha chathair na Gaillimhe nó ar imeall na cathrach agus atá aitheanta mar limistéir oifigiúla Ghaeltachta a ainmniú mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta faoi fhorálacha alt 7 de Acht na Gaeltachta 2012; pobail eile sa chathair a ainmniú, de réir mar is cuí, mar líonraí Gaeilge faoi fhorálacha alt 11 de Acht na Gaeltachta 2012.

Le cathair na Gaillimhe ag bogadh i dtreo an stádais mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa in 2020, is mithid anois Gaillimh a fhorbairt mar lárionad domhanda de chultúr traidisiúnta Ceilteach agus Gaelach. Tarraingeoidh sé sin turasóirí agus beidh tionchar aige ar fhorbairtí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúir sa gcathair. Déanfar an Ghaillimh seo leis an bhféiniúlacht chultúir faoi leith atá aici a mhargú go straitéiseach ar fud an domhain ina measc siúd a bhfuil baint acu le hÉirinn nó leis na Ceiltigh. Beidh acraí taispeána agus léirmhínithe an fhiontair in ionad fisiciúil sa chathair. Tabharfaidh an togra seo aghaidh ar an diaspóra Gaelach ar bhealach a bhfuil brí leis. Beidh an Ghaeilge i gcroílár na forbartha agus leagfar béim ar chur chun cinn na teanga sa bhforbairt agus fios againn go bhfuil buntáiste mór eacnamaíoch ag Gaillimh as an nGaeilge go dtí seo.

Is féidir le bailte agus cathracha eile mórthimpeall na tíre múnla chathair na Gaillimhe a chur i bhfeidhm ina mbailte agus ina gcathracha féin go cinnte, ach an tacaíocht chuí a bheith ar fáil dóibh. Ní mór buntáiste eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha na teanga a shonrú agus a thaispeáint don dream ar mian leo dul i bhfeidhm orthu mar aon le seirbhísí gairmiúla lán-aimseartha a sholáthar dóibh chun cuidiú leo gnó agus timpeallacht dhátheangach a fhorbairt.

Tá súil agam go dtugann an méid seo blaiseadh don choiste ar an obair atá idir lámha againn i nGaillimh, Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Táimid 30 bliain ar an bhfód i mbliana agus, le cúnamh Dé agus leis an tacaíocht chuí, leanfaidh Gaillimh le Gaeilge ar aghaidh leis an obair chun infheictheacht agus úsáid na Gaeilge a mhéadú agus sochaí atá cothrom agus dátheangach a fhorbairt ar aon dul le beartas dátheangachais an Rialtais féin.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Cur i láthair cruinn agus cuimsitheach a bhí ann. Ag an bpointe seo, cuirim céad míle fáilte roimh chathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey.

Ms Bernadette Mullarkey: Tá brón orm. Bhí mé ag cruinniú eile.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Tá sé ceart go leor. Bhí cuid de na baill déanach freisin. Níl aon lucht ar an bhfinné. An bhfuil aon fhinné eile ag iarraidh teacht isteach ag an bpointe seo nó an bhfuil sé go léir ráite ag Bríd Ní Chongóile? Is féidir libh teacht isteach tar éis na ceisteanna.

Tá sé anois 2.45 p.m. Déanfaimid plé le Gaillimh le Gaeilge go dtí 3.10 p.m. mar nach mór dúinn am a thabhairt don toscaireacht eile. Beidh ceisteanna againn anois. Iarraim ar na baill é a choinneáil ina n-aigne go mbeidh deireadh leis an bplé seo ag an am sin. Tá mé mar mhúinteoir crosta anseo. Tógfaimid ceisteanna ar dtús ón Seanadóir Ó Clochartaigh.

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Cuirim céad fáilte roimh na finnéithe. I dtosach báire, táim an-shásta go bhfuil an deis againn comhghairdeachas a dhéanamh le Gaillimh le Gaeilge as an obair éachtach atá deanta acu le 30 bliain. Tá sé deacair a shamhlú go bhfuil sé 30 bliain ar an bhfód. Tá fios agam ar an obair a dhéanann siad ó lá go lá le foireann an-bheag agus daoine an-díograsacha atá ag plé leis an rud ar fad. Tá ard-mholadh tuillte acu as an méid sin agus is eiseamláir iontach iad do bhailte eile timpeall na tíre. Bheadh sé go maith dá bhféadfadh siad sampla Ghaillimh le Gaeilge a leanúint.

Cén difríocht atá feicthe ag na finnéithe in úsáid na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe le 30 bliain anuas? Nílim ag tagairt díreach don obair a dhéanann Gaillimh le Gaeilge, ach ag caint go ginearálta atá mé. Cá bhfuilimid ag dul, dar le na finnéithe? Tá go leor cainte faoi Gaillimh 2020. Luaigh Bríd Ní Chongóile cuid de na sonraí ina ráiteas oscailte. Cé as a dtiocfaidh an t-airgead do na rudaí atá siad ag iarraidh a dhéanamh? An bhfuil aon tuairimí acu ag an bpointe seo? An bhfuil siad ag déanamh iarratais ar eagraíochtaí éagsúla, nó cá bhfeiceann siad an pota óir a bhaineann le Gaillimh 2020?

Céard a chiallaíonn an stádas dátheangach go praiticiúil? An rud é atá díreach ar pháipéar, nó an bhfuil aon bhunús praiticiúil i ndáiríre píre don dream nach mbeadh chomh dearfach sin faoi, b'fhéidir? Maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, táimid ag déanamh tuairisce faoi sin. Is dócha go bhfuil sé fíor-thábhachtach. I ndáiríre, céard é meas na bhfinnéithe ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag an bpointe seo? An bhfuil siad sásta nó mí-shásta leis? An bhfuil sé á chur i bhfeidhm mar is ceart? Ar mhaith leo rudaí eile a fheiceáil déanta? Cad iad na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis?

Luadh méadú ar mhaoiniú. Céard atá i gceist le sin? Ní ceist airgid amháin atá ann, ach ceist acmhainní. Daoine, acmhainní, áiseanna agus mar sin de. Céard a theastaíonn uaidh Gaillimh le Gaeilge go mbeadh sé in ann a obair a dhéanamh níos fearr arís? De réir mar a thuigim, níl aon ról ag Gaillimh le Gaeilge sa gcontae ach an oiread. An bhfuil aon chaint go mbeadh ról ag Gaillimh le Gaeilge ar fud an chontae nó an bhfuil sé teoranta don chathair amháin?

Tá ceist amháin atá achrannach go leor maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Is iad sin na ceantracha Gaeltachta sa gcathair. Táim ag caint ar Thír Oileáin, Mionlach, Cnoc na Cathrach agus áiteanna mar sin. Déarfadh daoine nach Gaeltachtaí i ndáiríre iad sin níos mó agus gur cur i gcéill ar fad é a bheith ag rá gur cheantair Gaeltachta iad. Agus Gaillimh le Gaeilge ag comhoibriú leis an gcomhairle cathrach agus an cumann tráchtála, céard atá siad in ann a dhéanamh chun ceantair Gaeltachta a dhéanamh astu sin? An bhfuil an cath caillte? An bhfuil aon dóchas ann dóibh? Ó thaobh na straitéise agus na hacmhainní teoranta atá Roinn na Gaeltachta de, an ceart dúinn a bheith ag díriú ar na fíor-cheantracha Gaeltachta seachas na ceantracha uirbeacha?

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Tógfaimid ceisteanna ón Teachta Ó Cuív. Beidh deis ansin ag na finnéithe freagraí a thabhairt. Beidh beirt bhall fágtha le ceisteanna a chur ina dhiaidh sin.

Deputy Éamon Ó Cuív: Information on Éamon Ó Cuív Zoom on Éamon Ó Cuív Ar an gcéad dul síos, cuirim fáilte roimh na finnéithe. Ba mhaith liomsa moladh a thabhairt don obair atá ar bun. Luaigh Bríd Ní Chongóile gradam Uí Ógartaigh agus mar sin de. Is maith ann iad. Tá dhá rud thar a bheith feiceálach déanta ag Gaillimh le Gaeilge. Is iad sin comharthaíocht ar shiopaí agus in áiteanna ar fud an bhaile agus logainmneacha. Tá siad thar a bheith feiceálach. Tá go leor de na logainmneacha i nGaillimh anois i nGaeilge amháin. An rud atá spéisiúil ná go dtagann go leor daoine isteach i m'oifigse nach ó bhunadh na hÉireann iad ar chor ar bith. Teifigh agus dreamanna eile ó fud fad an domhain atá iontu. Níl fadhb ar bith acu le hainm Gaeilge, mar nach mbíonn fadhb againne nuair a théann muid thar sáile glacadh le hainmneacha atá i bhFraincis sa Fhrainc agus mar sin de. Is eiseamláir í Gaillimh gur féidir ainmneacha Gaeilge a úsáid ar institiúidí, ar eastáit agus ar bhóithre agus nach mbíonn fadhb ag an bpobal eachtrannach déileáil leo. Is mó de fhadhb a bhíonn ag roinnt daoine atá in éadan na Gaeilge in Éirinn glacadh le na hainmneacha Gaeilge le hais na n-eachtrannach.

Molaim an obair atá ar bun ag Gaillimh le Gaeilge. Tá cúpla buncheist agam. Tá sé thar cinn gur bhronnadh stádas ar Ghaillimh le Gaeilge. Céard a chiallaíonn stádas muna bhfuil plean agus comhoibriú ó na mór-institiúidí chun an stádas sin a dhéanamh fírinneach?  An bhfuil sé i gceist plean comhtháite a réiteach i gcomhairle leis an mbardas, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, an ollscoil agus na scoileanna, mar thús, chun an Ghaeilge a chur chun chun ó thaobh eolais de i dtosach báire agus ansin úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa gcathair agus sa gceantar timpeall air? Nó, é an gur díreach stádas atá ann?

Caithfidh mise a rá gur cuireadh na bailte seirbhíse Gaeilge nó Gaeltachta isteach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar go raibh sé molta sa staidéar teangeolaíochta. Bhí mé mar Aire ag an am agus bhí amhras áirid agam faoi. Scaití, an dream is mó atá in éadan na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus tá sé seo aitheanta go stairiúil, ná an dream is deireanaí a thréig í, agus is iad sin an dream is giorra don Ghaeltacht go tíreolaíoch. Chreid mé ag an am nárbh fhiú stádas a bhronnadh muna raibh stádas tuillte. Bhí sé i gceist agam i gcónaí crítéir fíor-láidir a leagadh síos sula bhféadfadh éinne dul ar thóir an ainmniúcháin sin agus go gcaitheadh na bailte sin a chruthú go mbeidis ina mbailte seirbhíse Gaeilge agus Gaeltachta sula mbeadh an teideal sin acu. Nuair a bhronnadh an stádas ó Roinn na Gaeltachta agus an stádas ón mbardas ar chathair na Gaillimhe, an raibh aon rud leagtha síos go gcaitheadh an chathair a dhéanamh le sin a thuilleadh?

Agus iar-uachtarán Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, Dr. Iggy Ó Muircheartaigh, mar fhinné anseo, is údar fíor-dhíoma é dom go bhfuil i gceist ag an ollscoil gan déanamh cinnte go mbeidh Gaeilge ag an gcéad uachtarán eile den choláiste. Ó 1929 i leith, tá rath agus forbairt tar éis teacht ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh. Ní raibh uachtarán gan Ghaeilge ar an gcoláiste sin riamh ó shin i leith.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Iarraim ar an Teachta ceist a chur.

Deputy Éamon Ó Cuív: Information on Éamon Ó Cuív Zoom on Éamon Ó Cuív Tá mé ag dul ag cur na ceiste.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Níl mé ag iarraidh teacht trasna ar an Teachta, ach tá beirt bhall eile le ceisteanna. Déanfaidh mé cinneadh anois ligeant don bheirt eile, an Seanadóir O'Reilly agus an Teachta Ó Muíneacháin, teacht isteach nuair atá an Teachta Ó Cuív críochnaithe. Beidh na ceisteanna go léir curtha ansin agus beidh deis ag chuile bhall teacht ar ais isteach. Cén ceist atá ag an Teachta?

Deputy Éamon Ó Cuív: Information on Éamon Ó Cuív Zoom on Éamon Ó Cuív An cheist atá agam maidir leis an gceist áirid sin ná, i gcomhthéacs na cathrach dátheangaigh, cén chaoi gur féidir le Gaillimh le Gaeilge tionchar a bheith aige ar an ollscoil? An bhfuil aon bhagairt ón Roinn nó ón mbardas go mbainfear an stádas den chathair má leanann institiúidí móra na cathrach atá faoi urraíocht an Stáit ag tabhairt droma leis an nGaeilge?

Tá dhá cheist eile agam. An bhfuil na socruithe comh-mhaoinithe i bhfeidhm i gcónaí idir an Roinn agus an bardas? Is é sin le rá, bhíodh Gaillimh le Gaeilge ag fáil méid áirithe euro ón Roinn bunaithe ar an méid maoiniú a bhí ar fáil ón mbardas. An bhfuil sé sin ann i gcónaí? Ó cén taobh a thagann sé? Má tá sé seo ann i gcónaí, cé chomh deacair is atá sé an t-airgead sin a fháil?

Nuair a bhí mé mar Aire, bhí mé ag iarraidh an coincheap a chur ar aghaidh go mbeadh lár-ionad mór Gaeilge sa gcathair ina mbeadh bialann, naíolann, naíonra, áit teacht le chéile agus fiú b'fhéidir beár agus go bhféadfadh Gaeilgeoirí bualadh isteach ann i lár na cathrach lá agus oíche le go mbeadh comhluadar acu. Áit le dul ag am lóin, ar maidin, tráthnóna agus mar sin de a bheadh ann. Cén dearcadh atá ag na finnéithe don riachtanas do a leithéid i nGaillimh? An ceart na hacmhainní ar fad atá sa gcathair a chur le chéile le go mbeadh an lár-ionad sin ann? Má tá na finnéithe i bhfábhar, an raibh aon phlé acu leis an mbardas maidir le maoiniú a dhéanamh ar a leithéid?

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly An bhfuil na ceisteanna go léir scríofa ag na finnéithe?

Dr. Iggy Ó Muircheartaigh: Tá dhá leathanach againn cheana féin.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Tá beirt bhall eile le ceisteanna. Beimid féaráilte. Beidh deis ag chuile bhall teacht ar ais isteach.

Senator Joe O'Reilly: Information on Joe O'Reilly Zoom on Joe O'Reilly Ba mhaith liom na finnéithe a fháiltiú roimh an coiste. Is iontach an rud é go bhfuil siad anseo linn inniu. Chomh maith le sin, gabhaim mo chomhghairdeachas do na finnéithe agus don chathair ar an stádas dátheangach. Is dul chun cinn iontach é agus guím ádh mór air. Tá an cheist chéanna ar m'aigne is a chur mo chomh-Sheanadóir Ó Clochartaigh ar na finnéithe. An gceapann siad go bhfuil méadú tagtha ar úsáid na teanga nó fiú ar iarracht úsáid na teanga i measc na gnáthdhaoine sa ghnáthshaol ar fud na cathrach toisc an stádas nua agus iarrachtaí Ghaillimh le Gaeilge? An rud atá tábhachtach ag deireadh na dála ná go mbeadh an t-athrú sin ann, fiú athrú beag, athrú meoin nó athrú san iarracht a dhéantar. Bheadh spéis agam sa bhfreagra sin.

Deputy Aindrias Moynihan: Information on Aindrias Moynihan Zoom on Aindrias Moynihan Tá fáilte roimh na finnéithe. Tá tuairisc an-chuimsitheach tugtha agus tá sé soiléir go bhfuil an-chuid ar siúl ag Gaillimh le Gaeilge. Gabhaim buíochas le na finnéithe as an tuairisc sin. Dúirt Bríd Ní Chongóile ina ráiteas oscailte gur féidir le haon bhaile nó cathair a leithéid a dhéanamh chomh maith. I gCorcaigh, mar shampla, tá Gael-Taca gníomhach le gradam Uí Chuanacháin chun tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí beaga agus móra ann. Ionas go mbeadh cathracha agus bailte eile ábalta a leithéid a dhéanamh, cé chomh tábhachtach is atá an slí go bhfuil Gaillimh chomh chóngrach don Ghaeltact? An é go bhfuil critical mass de Ghaeilgeoirí sa chathair féin? Cén tuairim atá ag na finnéithe ar an éifeacht atá aige sin?

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Tá na ceisteanna go léir curtha. Ó mo thaobhse, scríobh an coiste seo chuig údarás na hollscoile i nGaillimh mar gheall ar an gcinneadh a bhí, dar linn, diúltach agus a sheol an teachtaireacht mí-cheart amach. Táimid fós ag fanacht ar fhreagra ar an litir seo. Tiocfaimid ar ais go dtí an litir sin agus an easpa fhreagra nuair a bheimid i seisiún príobháideach.

Dr. Iggy Ó Muircheartaigh: Ba chóir domsa na ceisteanna a fhreagairt ar dtús, os rud é go raibh an Cathaoirleach ag caint faoin ollscoil agus an cinneadh an dheineadar maidir le Gaeilge a bheith ag an uachtarán nua a cheapfar níos déanaí i mbliana. Aontaímse go pearsanta go hiomlán leis an Teachta Ó Cuív. Bhí díomá mór orm féin go ndearnadar an cinneadh seo. Bhí mé ag súil leis mar tá a fhios agam an chaoi ina bhfuil an gnó ar fad ag dul san ollscoil. Níl mé gan dóchas i gcónaí go mbeidh Gaeilge ag an gcéad uachtarán eile. Tá mé ag súil go mbeidh. Níl aon chinnteacht ann nach mbeidh. Tá díomá orm faoi sin ar fad.

Ar an dtaobh eile den scéal, san Acht a cuireadh in áit an Acht 1929 nuair a bhí Teachta Ó Cuív sa Rialtas, is é sin Acht 2006, tá alt a leagan amach go gcaithfidh cur chun cinn an oideachais trí Ghaeilge a bheith mar thosaíocht i ngach plean straitéiseach a bheidh ag an ollscoil amach anseo. Tá cosaint beag ansin. B'fhearr i bhfad, measaim féin, bheith cinnte go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán. Pé acu tá Gaeilge ag an uachtarán nó nach bhfuil, tá sé de dhualgas reachtúil ar an ollscoil oideachas tríú leibhéil trí Ghaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn. Ní hé sin an scéal ar fad ach beidh sé ann. Tá an dualgas reachtúil orthu é sin a dhéanamh. Muna ndéanann siad é, beidh sé faoin Rialtas rud éigin a dhéanamh faoi. Tá díoma orm, ach níl mé gan dóchas. Tá an-shúil agam go mbeidh Gaeilge ag an gcéad uachtarán eile. Feicimid.

Déanfaidh mé pointe amháin eile agus ansin fágfaidh mé an chuid eile faoin gcathaoirleach, Bernadette Mullarkey. Bhí ceist ag na baill go léir faoin stádas dátheangach. Aontaím go hiomlán. Ní haon mhaitheas declaration a bheith ann go bhfuil stádas dátheangach ag cathair na Gaillimhe. Caithfear rud éigin a dhéanamh faoi. Nuair a bhíomar ag obair go dlúth le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, mar a bhíomar, chuireamar an-bhéim ar an ngá go mbeadh coiste stiúrtha ann chun an togra seo a chur chun cinn.  Níor chuireadh an coiste stiúrtha seo ar bun go fóill ach táimid ag leanúint orainn ag cur brú ar an gcomhairle cathrach an coiste stiúrtha seo a chur ar bun ar a mbeidh ballraíocht ag chomhairleoirí na cathrach, eagraíochtaí Gaeilge sa chathair agus na hinstidiúidí sa chathair, agus bhí comhráite againn leis an bpríomhfheidmeannach. Tarlóidh an coiste seo agus beidh sé mar dhualgas air cinntiú nach declaration gan bhrí atá ann, a rá gur cathair dátheangach í, ach go bhfuil togra ann é seo a chur chun cinn. Tá brú ar leith orainn de bharr go bhfuil Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 ag teacht go luath. Tá mé féin an-dhóchasach go mbeidh an Ghaeilge mar chuid lárnach de Ghaillimh mar Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 agus, ón ár dtaobhanna de, táimid lán-sásta bheith i lár an togra seo. Beidh Gaillimh le Gaeilge ag tiomáint an stádas seo mar chuid den choiste stiúrtha. Tá sé mar aidhm againn le fada an lá stádas dátheangach a bhaint amach do chathair na Gaillimhe. Tá se sórt bainte amach againn anois. Tá an fógra déanta - seo í cathair na Gaillimhe. Táimid lán-sásta a rá go bhfuilimid 100% mar chuid lárnach den rud seo a chur chun cinn. Sin an dá phointe gur mhaith liom féin freagra a thabhairt orthu.

Ms Bernadette Mullarkey: An féidir liom rud éigin a chur le sin? Oibrím sa mhargaíocht agus is é an t-aon rud amháin a dhéanaimid i margaíocht ná dul ar an dtaobh eile den chuntair agus an cheist a chur cén chaoi a fheiceann an custaiméir na rudaí seo. Céard atá ag teastáil ón gcustaiméir? Na rudaí atá ag teastáil uaidh, sin na rudaí atá orm a dhíol dó. An chaoi agus an angle atá tugtha againn agus atáimid ag iarraidh a thógáil ar an gcoiste seo ná go caithfimid fáil amach cad atá ag teastáil ó na daoine, na heagraíochtaí agus na hinstitiúidí a bheidh orthu an tseirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil agus céard atá le dhéanamh. Is féidir le haon duine plean teanga a scríobh. D'fhéadfadh Ms Ní Chonghóile é a dhéanamh, os rud é go bhfuil an cúrsa déanta aici. Mar sin féin, muna bhfuil sé ag freagairt ar céard atá ag teastáil ó na daoine atá orthu an tseirbhís a chur ar fáil, níl aon gá leis. Sin an tús, an lár agus an deireadh don chaoi ina dhéanaimid agus ina leanfaimid ar aghaidh leis an stádas dátheangach seo a bhaint amach. Ós rud é go mbeadh seirbhís trí Ghaeilge le fáil, má chasann mé féin, nó turasóir nó duine éigin eile isteach i siopa, oifig nó bialann in áit nach bhfuil an tseirbhís ar fáil, beidh an duine isteach in ann a rá nach bhfuil aon Ghaeilge aige nó aici ach seo an áit ina bhfuil an tseirbhís ar fáil. Sin an chaoi ba chóir do dhaoine oibriú le chéile chun é sin a bhaint amach.

Ms Bríd Ní Chonghóile: D'ardaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh cúpla ceist maidir le Gaillimh le Gaeilge thar an 30 bhliain. An dtugaimid faoi deara aon difríocht ón lá a thosaigh Gaillimh le Gaeilge agus an lá agus an áit ina bhfuilimid inniu? Caithfidh mé a rá ó mo thaithí a bheith ag obair le gnólachtaí, nuair a thosaigh mise amach sa bhliain 1997 go raibh sé beagnach níos deacra dul i bhfeidhm ar ghnólachtaí, go raibh meon difriúil ann agus go raibh sé difriúil ag an am sin. Anois, tá sé athraithe go hiomlán. Cuirtear fáilte roimh an teanga. Tugaimid faoi deara chomh maith go bhfuil gnólachtaí ag leanúint le sampla TK Maxx. Tháinig sé go Gaillimh agus ní raibh baint ar bith againn leis, ach thug sé féin suas an teanga. D'úsáid sé comharthaíocht dhátheangach agus nuair a chuireamar an ceist ar na daoine bainteach leis cén fáth, dúirt siad go raibh siad ag teacht go Gaillimh agus gur cathair dátheangach í. Nuair a fheicimid an t-athrú meoin sin, tá fhios againn go bhfuilimid ag déanamh rud éigin ceart.

In aon thaighde a rinne Gaillimh le Gaeilge le cúpla bliain anuas, b'fhéidir gurbh é an taighde ar luach na Gaeilge do chathair agus Chontae na Gaillimhe an ceann is mó acu. Cuirtear an ceist i gcónaí ar dhaoine an bhfuil fiúntas ag baint leis an teanga. An bhfuil sé réalaíoch? Freagraíonn 90% de dhaoine go bhfuil buntaiste leis an nGaeilge agus go bhfuil siad sásta ceannach isteach sa bhfís atá ag Ghaillimh le Gaeilge. Muna mbeadh, ní bheadh am againn dul thart ag rá go bhfuil sé seo go maith, mar a dúirt an Chathaoirleach, muna bhfeiceann siad iad féin é.

Sa taighde deireanach a rinneamar i dtreo stádas dátheangach do Chathair na Gaillimhe, dúirt 53% de mhuintir na cathrach go raibh comharthaíocht dátheangach nó comharthaíocht i nGaeilge in úsáid acu agus dúirt 67% acu gur úsáid siad stáiseanóireacht Ghaeilge no dátheangach. Táimid ag iarraidh é seo a mhéadú an t-am ar fad. Ó thaobh an mheoin, tá sé dearfach, tá an dea-thoil ansin agus tá muidne chun tógáil ar sin. Ach mar a dúirt seanchara liom uair amháin, Peadar Ó Flatharta, murar thuig leat chuile duine a thabhairt leat, tabhair leat na daoine a thuig agus oibrigh leo sin. Sin an meon atá ag Ghaillimh le Gaeilge.

Maidir leis an stádas dátheangach go praicticiúil, luaigh an Cathaoirleach é ó thaobh chúrsaí margaíochta de go bhfuil muidne ag plé le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Bhí 20 gnó istigh ar an ngradam anuraidh, 11 dóibh sin as an nua. An t-aon fáth gur chuir siad isteach ar an ngradam ná an stádas dátheangach agus Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Cheap siad gurbh é seo a sheans, an bealach gur féidir leo dul i bhfeidhm ar nithe cultúrtha na cathrach leis an nGaeilge. Mar sin, tá sé mar spreagadh do dhaoine. Tá go leor obair le dhéanamh, níl aon dabht, leis an stádas dátheangach seo a dhéanamh bailí i súile na ndaoine, ach is tús é. Tá muidne ag díríu aird mhuintir na Gaillimhe. Tá an chathair seo uathúil agus difriúil. Caithfimid é seo a choinneáil agus a dhaingniú, agus sin bealach amháin leis an stádas seo a bhronnadh orthu.

Maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, is straitéis é. Ní fiú domsa bheith ag caint sa seomra seo mar go bhfuil sé cloiste go minic cheana agam, ach níl mé ag rá aon rud nach bhfuil ráite cheana. Cuirfidh mé mar sin é. Tá maoiniú di. Tá stráitéis againn agus is straitéis maith í. Ar ndóigh, tá dúshlán ag baint léi agus ní bheidh Gaillimh le Gaeilge ag cur chuile eilimint den stráitéis i bhfeidhm. Beimid ag cur na nithe a bhaineann go sonrach linn i bhfeidhm chomh maith agus a thuig linn leis na hacmhainní atá ann.

An bhfuilimid ag plé le daoine sa chontae nó sa Ghaeltacht? Níl, de bharr cheal acmhainní. Má thagann duine éigin ó Chontae na Gaillimhe chugainn, go hoifig Ghaillimh le Gaeilge, ag lorg aistriúcháin nó ag lorg comhartha, ní chuirimid ó dhóras iad, ach ní théimid amach ina ndiadh. Tá neart le dhéanamh againn díreach le cathair na Gaillimhe féin agus an obair agus na spriocanna atá ann le cur i bhfeidhm. Is dóigh liom, maidir le bailte eile mórthimpeall na tíre, nach bhfuil aon fáth nár féidir leo tógáil ar an obair atá ar siúl i gcathair na Gaillimhe. Thosaigh muid amach ag taispeáint don lucht gnó, agus do gach duine, an fiúntas eacnamaíochta atá bainte leis an teanga. Is mise i mo Ghaeilgeoir. Má fheiceann mise comhartha thuas i mBaile Átha Cliath i nGaeilge, nó i bPort Láirge nó in aon áit eile, rachaidh mé isteach agus ceannóidh mé táirge. Is breá leis na turasóirí é. Déanann sé bailte agus cathracha uathúil agus níl aon fáth, leis an tacaíocht chuí, nach bhféadfadh na bailte sin tógáil ar an méid atá déanta ag cathair na Gaillimhe.

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Tá ceist shonrach agaim maidir le Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Cárbh as a thagann an t-airgead? An bhfuil aon tuairimí ag na finnéithe faoi sin?

Ms Bernadette Mullarkey: Caithfimid a rá go raibh an Ghaeilge lárnach sa chur i láthair a dhearna an foireann chun Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 a bhaint amach. Níl ach cúpla pingine fós ann d'aon rud. Níl ann ach, níos mó ná cúpla pingine, cúpla milliúin faoi láthair don chathair a bhaineann amach an teideal. Tá ag an gcathair níos mó airgid a fháil ó áiteanna eile. Beimid ag obair leis an bhfoireann. Tá siad ag tosú arís chun na pleananna a chur i bhfeidhm i ndairíre agus beimid ag obair leo.

Mar a dúirt Ms Ní Chonghóile, nuair a rinneamar an gradam anuraidh, bhí an-chuid bróid sna heagraíochtaí faoin stádas dátheangach agus go raibh Gaeilge ann. Anuraidh, chuir na heagraíochtaí i nGaillimh na lámha isteach sna pócaí chun tuilleadh airgid a thabhairt amach chun an teideal a bhaint amach. Ní bheidh sé éasca, ach tá an-suim ag an gcathair chun an Ghaeilge a chur i lár é seo. Táimid cinnte go mbeidh an Ghaeilge ann. Caithfidh go mbeidh sé ann. Sin ceann de na réasúin a bhfuaireamar an teideal ar dtús.

Dr. Iggy Ó Muircheartaigh: Tá jab á dhéanamh ag Gaillimh le Gaeilge le fada an lá. Níl ach triúir fostaithe acu, agus iad ag déanamh an-jab, caithfidh mé a rá. Má tá obair breise le déanamh, agus tá, maidir le Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020, caithfear acmhainní eile a bheith againn chun é a dhéanamh. Tá sé thar a bheith tábhachtach.  Tá ceithre nóiméad fágtha againn. Cuirfidh mé stop i lár abairte because tá toscaireacht ag fanacht. Aon cheist nach bhfuil freagartha-----

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh An cheist faoi na ceantracha Gaeltachta uirbeacha-----

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Gabh mo leithscéal. Tiocfaidh mé leat. Chuir Teachta Ó Cuív a lámh suas. Go sciobtha.

Deputy Éamon Ó Cuív: Information on Éamon Ó Cuív Zoom on Éamon Ó Cuív An bhfuil aon phlé déanta leis an an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le tacaíocht a chur ar fáil leis an mbardas i leith an stádas cultúrtha, le saoráidí a chur ar fáil agus gníomhaíochtaí a eagrú, agus cén freagra atá faighte acu? Gheofaí réidh le go leor oibre ar chailleadh maidir le Gaeilge mura mbeadh an iomarca socruithe le dhéanamh chun rudaí bunúsach a bhaint amach. Seo é an t-aon bhaile seirbhíse Gaeltachta gur féidir leo stádas-----

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Is é sin an cheist, go raibh maith agat.

Deputy Éamon Ó Cuív: Information on Éamon Ó Cuív Zoom on Éamon Ó Cuív Agus an dara rud, an sciobtha. Tá Bille le foilsiú agam i gceann seachtaine san Oireachtas a chur faoi deara d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh uachtarán le Gaeilge a cheapadh agus tá súil agam go mbuafaidh mé tacaíocht trasphairtí le sin a chur i gcrích.

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Céard a dhéanann Gallimh le Gaeilge do cheantracha Gaeltachta uirbeacha ar nós Arda Thír Oileáin, Mionlach?

Ms Bríd Ní Chonghóile: Beimid ag obair i gcomhráite leis an gcomhairle cathrach. Ní bhíonn Gaillimh le Gaeilge ag plé le ceantracha Gaeltachta per se. Tá sé sin faoi bhráid Údarás na Gaeltachta. Mar chuid den phlean iomlán beidh sé de dhualgas orainn breathnú air. Ach arís, ag dul ar ais go dtí na hacmhainní, tá méid áirithe a thig linn a dhéanamh. Táimid ag iarraidh, chomh maith agus a thig linn, an méid sin a dhéanamh go slachtmhar agus go stuama. Beimid i gcomráite leis an gcomhairle cathrach, leis na háiteanna sin. Tá fhios agam go ndearna siad iarracht cúpla bliain ó shin rudaí a dhéanamh níos fhearr i dTír Oileán. Tá fhios agam go raibh Óstán Menlo Park isteach ar an ngradam chomh mhaith. Tá suim mór ag an gceantar ó thaobh an teanga a choinneáil agus plean de chineál éigin a chur i bhfeidhm chun tacú leis an íomhá mhaith teanga atá ag an gcathair agus ar ndóigh leis an Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Is obair uilig é seo, amach as seo. Táimid ag fáil níos mó jabanna mar a bhí muid ag súil leis nuair a tháinig muid isteach go dtí an seomra seo.

  Maidir leis an gceist a chur an Teachta Éamon Ó Cuív ó thaobh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, táimid ag fáil maoiniú uaidh sa bhliain, ach nílimid ag fáil an trian de chuile euro a fhaigheann muid. Faighimid maoiniú faoi leith dó sin ón chomhairle cathrach agus is é sin tríd an scéim Chairde Gaillimh le Gaeilge. Tá iarratas curtha isteach againn chuile bliain le haghaidh duine breise a earcú. Bhí sé seo á dhéanamh againn chun tacú leis an bhaile seirbhíse Gaeltachta, chun go mbeimid in ann straitéis a dhearadh sa chathair le seirbhísí i nGaeilge a ghríosadh i measc an lucht príobháideach agus an lucht gnó ach go háirithe. Níl aon údarás nó níl aon gá le Gaillimh le Gaeilge dul isteach go dtí an earnáil phoiblí. Níl aon údáras againn é sin a dhéanamh. Tá súil agam gur fhreagair é sin ceist an Teachta.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Go raibh maith agaibh. Gabh mo leithscéal as chur isteach oraibh ach táimid faoi bhrú maidir le am agus ba mhaith liom bheith féaráilte don dhream eile. Chomh maith le sin, tá fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre curtha isteach ag Gaillimh le Gaeilge, an fhoireann uilig. Tá ardmholadh tuillte agaibh. Táim ag breathnú air, tá sé léite agam agus tá sé scríofa agaibh i bhur gcur i láthair. Tá Gaillimh le Gaeilge ag leibhéal maoinithe faoi láthair nach féidir leis titim faoi. Ní amháin sin, ní féidir leis leanúint ar aghaidh gan tuilleadh cabhrach. Tiocfaimid ar ais mar choiste chun rún faoi leith a phlé maidir le litir a sheoladh chuig an Aire maidir le sin agus maidir leis an lárionad Gaeilge. Tá sé luaite go minic ag an Teachta Éamon Ó Cuív agus ag Seanadóir Ó Clochartaigh agus daoine eile, me féin san áireamh, maidir leis an lárionad. Is féidir linn díriú isteach ar an dá rud sin ar a laghad ag an gcoiste seo.

Polasaithe Iontrála Scoile: Cearta Oideachais

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Ba mhaith liom arís fáilte croíúil a chur roimh Ms Siobhán Nic Gaoithín agus Mr. Colmán Ó Drisceoil, go háirithe roimh Siobhán os rud é go bhfuil seanaithne agam uirthi ó Ghaillimh. Is deas tú a fheiceáil arís. Léigh mé an cur i láthair agus tá fhios agam go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach. Tá deis agaibh anois, agus tá fhios agam go raibh sibh ós comhair choiste Dála roimhe seo, dhá bhliain ó shin, an ea?

Ms Siobhán Nic Gaoithín: An mhí seo thart tháinig muid os comhair an Chomhchoiste um Oideachais agus Scileanna.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Fáilte ar ais. Tá deis agaibh anois. Beimid ag cur críoch leis an bplé ar a 3.55. Caithfimid an seomra a fhágáil ar a 4.

Ms Siobhán Nic Gaoithín: Go raibh míle maith agat a Chathaoirligh, agus a Theachtaí agus a Sheanadóirí uilig atá i láthair. Táimid thar a bheith buíoch as an deis a fháil teacht anseo os bhur gcomhair agus an cur i láthair seo a dhéanamh.

  Is grúpa tuismitheoirí sinne i gCearta Oideachais agus is grúpa deonach sinn. Ní haon eagraíocht sinn ach daoine a tháinig le chéile. Táimid uilig ag tógáil ár bpáistí le Gaeilge, nó b'fhéidir a bhfuil i ndiadh ár gcuid páistí a thógáil le Gaeilge, agus tá buairt orainn mar gheall ar an pholasaí oideachais ligean isteach i scoileanna atá ag teacht tríd Thithe an Oireachtais faoi láthair.

  Ba mhór linn bhur gcuid dtacaíochta agus muid ag iarraidh cearta oideachais a chinntiú do pháistí arb í an Ghaeilge á dteanga baile, sa dóigh is go mbainfidh siad litearthacht iomlán agus inniúlacht maith amach sa Ghaeilge, ina dteanga dhúchais agus an Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 ag dul tríd Thithe an Oireachtais.

  Tháinig sinne le chéile i dtosach in 2011 i ndiaidh don iar-Aire, Ruairí Quinn, an phlécháipéis ar iontráil scoile a fhoilsiú. Chuir muid aighneacht faoi bhráid an Chomhchoiste um Oideachas agus Coimirce Sóisialach, mar a bhí ann ag an am. Glacadh lenár n-imníthe i dtuarascáil an choiste sin a fhoilsíodh i mí na Bealtaine 2014. Tá mé chun léamh amach an méid a mhol an choiste Oireachtas sin féin. Dúirt sé:

Is gá a chur san áireamh sa reachtaíocht mholta an gá atá le caighdeán na scoileanna lán-Ghaeilge a chosaint agus a chinntiú araon nach dtarlaíonn aon leithcheal i dtaca le hiontrálacha.

D'fhéadfadh an reachtaíocht mholta an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur san áireamh trí chuimhneamh ar thosaíocht ard a thabhairt ina bpolasaí iontrála don chéatadán beag páistí scoile ar cainteoirí dúchais Gaeilge iad (taobh amuigh den Ghaeltacht).

Seo mar a mhol an choiste Oireachtais a bhí ann i 2013, ach níor thógadh na moltaí sin san áireamh nuair a d'fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Richard Bruton, an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 i mí Iúil na bliana seo caite. Caithfidh sinn a rá go gcuireann sinn fáilte mhór roimh iarrachtaí athchóiriú a dhéanamh ar an bpolasaí iontrála do scoileanna sa dóigh is go mbeidh córas cothrom, comhionann agus ilchultúrtha ar fáil i scoileanna. Táimid inniu ag iarraidh go bhfreastalódh ár bpáistí ar scoileanna i gcuideachta le páistí ón uile chineál cúlra, aicme, creideamh, cultúr agus cumas. Tá Cearta Oideachais buartha, áfacha, go dtiocfadh cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tosaíocht a thabhairt ina bpolasaí iontrála do pháistí a labhraíonn an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh. Dearbhaítear sa taighde idirnáisiúnta i réimse an tsealbhaithe teanga agus na sochtheangeolaíochta go bhfuil an t-oideachas trí mheán na mionteanga thar a bheith tábhachtach do pháistí mionteanga ionas go mbainfidh siad lán-inniúlacht amach sa dá theanga. Is é sin go mbeidh siad chomh cumasach céanna sa Ghaeilge agus atá siad sa Bhéarla nó mar a bheadh siad sa Bhéarla.

  Tugann alt 64 den Bhille cumhacht don Aire "rialacháin a dhéanamh chun cuspóirí beartais iontrála a ullmhú agus a fhoilsiú ag scoileanna agus iontráil chun scoile a thabhairt do dhaltaí."   Sin go bunúsach an méid atá i gceist leis an Bhille um iontráil scoile. Agus na rialacháin seo á ndéanamh, d'fhéadfadh an tAire sonrú a dhéanamh maidir le "critéir áirithe roghnúcháin a mbeidh cosc ar scoileanna a chur i bhfeidhm i gcásanna a bhfuil róéileamh ann" agus seo í an fhadhb nuair atá líon na dáltaí ag lorg iontráil chun na scoile i bhfad níos mó ná líon áiteanna a chuirtear ar fáil. Sna figiúirí is deireanaí atá againn, tá róéileamh ar 38% de Ghaelscoileanna agus 28% de Ghaelcholáistí. Sé sin 55 amach as 143 bunscoil. Sa bhliain seo caite, 2015-2016, bhí 1,656 nach bhfuair áit i nGaelscoil toisc nach raibh spás ar fáil dóibh.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Abair é sin arís.

Ms Siobhán Nic Gaoithín: In 2015 agus 2016, bhí 1,656 páiste nach bhfuair áit i nGaelscoil mar gheall nach raibh go leor spásanna agus áiteanna ar fáil. San áireamh sna critéir roghnúcháin a dtig leis an Aire cosc a chur orthu, tá cumas acadúil, scileanna, nó inniúlacht dalta. Táimid buartha go dtig leis seo cosc a chur ar dhearbhú ar theanga baile pháiste chun tosaíocht a thabhairt faoin bpolasaí iontrála. Sna critéir roghnúcháin eile a dtig leis an Aire cosc a chur orthu, tá riachtanas go bhfreastalódh dalta, nó a thuismitheoirí, ar agallamh, lá oscailte nó ar chruinniú eile mar choinníoll chun iontrála.

Bíonn gá ar roinnt Ghaelscoileanna bualadh le páistí agus lena dtuismitheoirí le deimhniú gurb í an Ghaeilge teanga baile an pháiste agus sin mar gheall nach bhfuil aon chóras eile ann. Níl aon chóras tríú páirtí ann le dearbhú go bhfuil an Ghaeilge mar theanga baile ag an bpáiste, mar a bhí, mar shampla, sa scéim labhairt na Gaeilge a bhí i bhfeidhm sa tír seo go dtí roinnt blianta ó shin. Chuirfeadh a leithéid de thoirmeasc cosc éifeachtach ar an mhodh praiticiúil amháin atá ar fáil trínar féidir le scoileanna lán-Ghaeilge páistí atá á dtógáil le Gaeilge a aithint. Agus an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 mar atá sé dréachtaithe, mura mbeidh cead ag Gaelscoil bualadh le teaghlach le dearbhú gurb í an Ghaeilge an teanga baile, cén dóigh a bheidh siad ábalta tosaíocht a thabhairt do phaistí le Gaeilge ina bpolasaithe iontrála?

Baineann an cheist le mionlach beag de pháistí an Stáit, ar mionlach iad fiú taobh istigh de Ghaelscoileanna. Léiríonn ár dtaighde agus an taighde is deireanaí gur páistí ó theaghlaigh Ghaeilge iad idir 0% - is é sin go bhfuil go leor scoileanna nach bhfuil duine ar bith ann a thagann ó theaghlach a labharaíonn Gaeilge sa bhaile nó go bhfuil Gaeilge ag a pháiste - agus 10% de pháistí na scoileanna. Ar an mheán, tá 3%. Is é sin páiste amháin in achan rang de 30 a bheith ag teacht ó theaglach a labhraíonn Gaeilge sa bhaile. Tá neart fianaise ann fosta a léiríonn go gcuireann na páistí le foghlaim pháistí eile agus go gcuireann siad le foghlaim a chéile. I scoileanna lán-Ghaeilge, is áis thábhachtach iad na páistí a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga acu do pháistí arb í an Ghaeilge an dara nó an tríú teanga dóibh í.

Maidir leis na leasuithe atá molta againn ar an Bhille, aithníonn Cearta Oideachais gur gá an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 a leasú le cearta oideachasúla pháistí a labhraíonn an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh a chinntiú. Tá sinn ag iarraidh an Bille a leasú sa dóigh is go mbeidh cead ag bunscoileanna lán-Ghaeilge tosaíocht a thabhairt ina bpolasaithe iontrála do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge agus go mbeidh cead acu cruinniú a thionól le teaghlaigh le dearbhú go bhfuil Gaeilge mar theanga labhartha na bpáistí as teaghlaigh lán-Ghaeilge agus nach n-úsáidfí an t-eolas ón gcruinniú seo d’aon chuspóir eile. Maidir le meánscoileanna lán-Ghaeilge, ba chóir go dtabharfaí cead d'údaráis scoileanna tosaíocht a thabhairt do dhaltaí a bhfuil sé deimhnithe ag bunscoil lán-Ghaeilge roimhe seo ina leith gurb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh. Tá na leasuithe atá molta againn ar fáil in aguisín 1 dár ráiteas scríofa agus rachaidh an tUasal Ó Drisceoil tríd na leasuithe sin anois agus cuirfidh sé in iúl na fáthanna agus na cúiseanna a shíleann sinn gur chóir na leasuithe seo a chur i bhfeidhm.

Mr. Colmán Ó Drisceoil: Creidimid go bhfuil na leasuithe atáimid a mholadh ar an mbealach is simplí agus is éifeachtaí chun déileáil le riachtanais oideachasúla pháistí ar cainteoirí dúchais Gaeilge iad i gcomhthéacs polasaí iontrála scoileanna. Faoin mBille bheadh líon beag páistí ann le Gaeilge nach bhfaigheadh áit i nGaelscoil chuí agus bheadh orthu freastal ar scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Ní éireoidh le páistí, arb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais, litearthacht agus inniúlacht iomlán a bhaint amach má chuirtear iachall orthu oideachas a fháil trí mheán an Bhéarla agus an Ghaeilge á múineadh mar dhara teanga. Mura bhfuil Gaelscoileanna in ann polasaí a chur i bhfeidhm a thabharfadh tosaíocht do pháistí ó theaghlaigh Ghaeilge, beidh an líon beag páistí seo fágtha gan rochtain a fháil ar oideachas trí mheán na Gaeilge. Ní bheadh sna leasuithe atáimid a mholadh ach foráil theoranta nach mbeadh éifeacht aici ach ar líon an-bheag ar fad de na háiteanna i nGaelscoileanna.

Maidir le gné na meánscoile, tá sé i bhfad níos éasca agus níos praiticiúla teanga teaghlaigh páistí réamhscoile a dhearbhú ná mar atá sé i bpáistí atá ag iarraidh clárú i meánscoileanna. Is ar an ábhar sin atá sé ciallmhar go leanfadh an teidlíocht seo an páiste de réir mar a bhogann sé nó sí go dtí an dara leibhéal. Tá an cur chuige seo in úsáid go forleathan i gCeanada. Agus polasaí nua don oideachas Gaeltachta seolta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i mí na Samhna 2016, polasaí ina dtugtar cosaint do chearta chainteoirí dúchais sa Ghaeltacht chun scolaíocht lán-Ghaeilge, bheadh cuma éagórach agus ait air go mbeadh maolú á dhéanamh ar chearta chainteoirí Gaeilge eile de bharr a n-áit chónaithe agus iad ina gcónaí lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá sé aitheanta go seasmhach ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil Éire mar bhall díobh, mar shampla, na Náisiúin Aontaithe agus Comhairle na hEorpa, agus i gcoinbhinsiún éagsúla go bhfuil dualgais ar stáit oideachas trí mheán na máthairtheanga a chur ar fáil do mhionlaigh dúchais theangeolaíocha. Tuigimid gur prionsabal tábhachtach sa reachtaíocht nua é fáil réidh le constaicí boga roimh pháistí ó ghrúpaí éagsúla mionlaigh agus eitneacha agus roimh pháistí atá faoi mhíchumais fhisiceacha nó intleachta nó eile. Táimid aireach freisin nár cheart aon chonstaicí nua a chruthú in aon bhealach. Dá dtabharfaí feidhm dár leasuithe, creidimid nach mbeifí ag teacht salach ar na prionsabail sin.

Tá oideachas trí Ghaeilge níos tábhachtaí fós do pháistí arb í an Ghaeilge a dteanga teaghlaigh agus a bhfuil deacrachtaí foghlama éagsúla acu. Chinnteodh an leasú atá a mholadh againn nach ndéanfaí leithcheal ar pháistí leochailleacha seo a bhfuil cabhair agus tacaíocht ag dul dóibh agus dá dtuismitheoirí a dhéanann cinneadh deacair fanacht dílis don teanga. Aon fhorálacha a dhéanfadh leithcheal ar pháistí a labhraíonn an Ghaeilge, ar grúpa mionlaigh iad sa tsochaí agus sa chóras oideachais araon, tá na forálacha úd i gcoinne spiorad an iolrachais agus an ilchultúrachais a ghabhann leis an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016.

Ní mór dúinn go léir a chinntiú, más féidir, go bhfuil polasaithe iontrála atá dírithe ar chomhionannas agus ilghnéitheacht a chur chun cinn san oideachas ag cur san áireamh riachtanais agus cearta teangeolaíocha an ghrúpa mionlaigh dúchais páistí ar cainteoirí Gaeilge iad ón mbaile. Is éard a choinníonn an teanga ag maireachtáil ná tiomantas na dteaghlach ar fud na tíre a leanann orthu ag labhairt na Gaeilge sa bhaile in ainneoin go gcónaíonn siad i dtimpeallacht Bhéarla, chomh maith le muintir na Gaeltachta. Táimid ag iarraidh ár n-oidhreacht a bhronnadh ar ár bpáistí féin.

Chun inmharthanacht na Gaeilge a chinntiú, tá sé ríthábhachtach go dtugfaí tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Is polasaí Rialtais é seo i Straitéis 20 Bliain na Gaeilge. Creidimid gur mór an buntáiste é seo don tsochaí in Éirinn i dtéarmaí ilchineálacht cultúrtha agus féiniúlachta. Gan teaghlaigh ag labhairt na teanga, ar éigean go bhfuil teanga ann. Le cinntiú go maireann an Ghaeilge mar theanga bheo agus mar theanga a labhraítear sa teaghlach, ní mór go dtabharfadh ár gcóras oideachais tacaíocht di agus ní mó go bhfaigheadh páistí a thógtar le Gaeilge a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Tá aguisín ann.

Mr. Colmán Ó Drisceoil: Ba mhaith liom an t-aguisín a léamh, le cead an Chathaoirligh. Molaimid leasuithe ar an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 An chéad cheann ná go gcuirfear isteach i ndiaidh alt 61(2)(b):

(c) a school which teaches through the medium of Irish, and which gives priority in its admission policy to students who speak Irish as a home language, the admission statement of the school shall include a statement that the school does not discriminate in relation to the admission of students where it admits a student who has Irish as a home language in preference to others whose home language is not Irish.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Tá sibh ag iarraidh é sin a bheith sa Bhille. Cad é an dara cheann?

Mr. Colmán Ó Drisceoil: Cuir isteach i ndiaidh alt 64(3)(d)(vi):

(vii) Nothing in this subsection shall prohibit a primary school which teaches through the medium of Irish from giving priority in its admissions policy to students who speak Irish as a home language and from requiring that such a student and one of his or her parents or legal guardians should attend an assessment, the sole purpose of which would be to determine whether Irish is the primary language of communication between that parent and child.

(viii) Nothing in this subsection shall prohibit a post-primary school which teaches through the medium of Irish from giving priority in its admissions policy to a student who has previously been determined by a primary school in accordance with section 64(3)(d)(vii) to be a student with Irish as a home language.

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Cuirim míle fáilte roimh na finnéithe. Is é seo an dara am agamsa an cur i láthair céanna a chloisteáil mar tá mé ar an gComhchoiste Oideachais agus Scileanna. Molaim na finnéithe as cé chomh cuimistheach is atá an obair atá déanta acu ó thaobh an cur i láthair. Tá sé thar barr. Seasaim leis na cearta atá siad i mbun cuartú agus seasann muid mar pháirtí leis na héilimh atá acu.

Téann sé seo go croí an scéil ó thaobh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chomh maith céanna ó thaobh cén chaoi a bhfuilimid leis an nGaeilge a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Caithfidh an teaghlach a bheith lárnach sa rud ar fad agus caithfear tacaíocht a thabairt do na teaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Is údar díoma inniu go bhfuilimid ag cloisteáil go bhfuil deacrachtaí ag tuismitheoirí na Gaeltachta ó thaobh a bheith ag iarraidh tacú le clanna le Gaeilge agus le teaghlaigh le Gaeilge ar acmhainní gann. Tá na finnéithe taobh amuigh den Ghaeltacht agus níl tobar na Gaeilge timpeall orthu mar atá de bhuntáiste againn sa Ghaeltacht. Dá bhrí sin, tá a gcás i bhfad níos deacra ó thaobh sheachadadh na Gaeilge don chéad ghlúin eile. Dá bhrí sin, déanann sé seo iomlán céille. Ní hamháin go bhfuil sé ar mhaithe lena bpáistí féin ach tá sé ar mhaithe leis na páistí eile ar fad atá sna ranganna go mbeadh an cainteoir dúchais istigh sa rang. Tá siad mar eiseamláir agus mar shampla den dea-theanga a bheidh siadsan ag seachadadh don chéad ghlúin eile.

Gan dabht, tá gaol agus caidrimh tábhachtach ó thaobh ról na naíonraí Gaelacha. B'fhéidir go ndéarfaidh na finnéithe rud éigin faoin gceangal sin chomh maith.  Ní hamháin go bhfuilimid ag caint ar a bheith ag dul ó bhunscoil go meánscoil. Tá cuid mhaith de na páistí ag freastal ar naíonraí Gaelacha agus mar sin de. Go deimhin, tá iníon liom féin agus bhí comhrá againn an tseachtain seo caite. Bhí sí ag naíonra lán-Ghaeilge, ar bhunscoil lán-Ghaeilge agus ar mheánscoil lán-Ghaeilge agus anois tá sí ag fáil a hoideachas tríú leibhéal trí mheán an Bhéarla. Tá sí ag déanamh go breá agus éireoidh léi ach faigheann siad na hábhair níos deacra mar gheall go bhfuil siad á múineadh trí Bhéarla ná mar a bhí cheana agus sin duine go raibh an Ghaeilge mar bhuntáiste aici tríd an bpróiseas ar fad. Mar sin, sílim go ndéanfadh sé iomlán céille. Tuigtear dom ó bheith ar an gComhchoiste Oideachais agus Scileanna - obviously ní féidir liom labhairt thar ceann an choiste go fóill - go mbeidh tuarascáil á réiteach agus sílim go mbeidh sé ina hacmhainn láidir dá dtiocfadh ráiteas láidir ón gcomhchoiste seo go bhfuilimid ag tacú leis na héilimh seo.

Maidir leis an bhfeachtas féin, cén chaoi a bhfuil na finnéithe le dul i gceann na polaiteoirí trasna na dTithe anseo agus trasna na páirtithe éagsúla? An bhfuil dea-thoil ann? An bhfuil tacaíocht láidir nó tacaíocht lag ag an ngrúpa? Céard is gá dúinn a dhéanamh le tacú leis na finnéithe ó thaobh na héilimh atá acu? Ó mo thaobh-se de, déanann sé iomlán céille go ndéanfaí na leasuithe áirithe seo. Ba mhaith liom go mbeadh an comhchoiste seo in ann ráiteas láidir a chur amach ag tacú leis an éileamh atá siad ag déanamh.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Beidh na ceisteanna eile againn ar dtús.

Deputy Éamon Ó Cuív: Information on Éamon Ó Cuív Zoom on Éamon Ó Cuív Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom a rá go bhfuil tacaíocht Fhianna Fáil ag na finnéithe. Ciallaíonn sé sin, má tá Sinn Féin leo freisin, go bhfuil 66 Teachta Dála leo. Níl uathu ach 79. Bheadh súil agam go ndéarfadh an Cathaoirleach go bhfuil sí leo freisin. Ní bheidh ag teastáil ansan ach 12 duine eile sa Dáil. Sin an chaoi a n-oibríonn an Teach seo. Má tá móramh ann, tá móramh ann. Níl gá gach dream a thabhairt leat.

Tá ceist eile spéisiúil ardaithe ag na finnéithe. Is léir go bhfuil fadhb ollmhór maidir le líon na n-áiteanna atá ar fáil i nGaelscoileanna don dream atá ag iarraidh oideachas trí Ghaeilge. Mar choiste, caithfimid díriú air sin. Dá mbeadh dóthain áiteanna ann, ní éireodh an cheist seo. Ós na figiúirí a thug na finnéithe, glacaim leis nuair a deir siad go raibh éileamh ann ó 1,163 páiste nach raibh siad tar éis cur isteach ar thrí scoil. Is é sin le rá ná go glacaim leis gur fíoréileamh ionracach an 1,163. Má tá sé sin cruinn, tá cuid mhaith acu a fhaigheann iomarca éilimh ag baint le Gaelscoileanna. Caithfimid díriú ar an gceist sin.

Mar mhalairt teicniúil ar an moladh go ndéanfadh an scoil an measúnú, agus b'fhéidir daoine ag ceapadh go mbeadh sé sin éagórach sa mhéid is go mbeadh aithne ag daoine ar a chéile agus mar sin de, bheadh sé an-éasca ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus chuile rud eile faoin spéir scéim nua labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais. Go deimhin féin, nuair a cuireadh deireadh le sean-scéim labhairt na Gaeilge, bhí deis scéim nua a thabhairt isteach a bheadh oscailte do chuile theaghlach ar fud na tíre a bheadh ag labhairt Gaeilge lena gcuid gasúr agus go ndéanfadh dream éigin eile an measúnú. Bheadh de bhuntáiste ag a leithéid de chur chuige go mbeadh sé go hiomlán neamhspleách. Ní fhéadfadh éinne a rá go raibh fábhar i gceist ag scoileanna. Tá contúirt ann i gcónaí go mbeadh daoine muinteartha le múinteoirí agus na rudaí seo ar fad mar is pobail bheaga iad cuid de na pobail seo. D'fhéadfadh sé a tarlú, mar shampla, go mbeadh mac nó iníon le múinteoir i nGaelscoil. Bheadh seans ard go mbeadh sé sin i gceist freisin. Bheadh spéis agam a fháil amach céard a cheapfadh na finnéithe dá mba rud é go raibh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta sásta athbhunú a dhéanamh ar scéim a dhéanfadh deimhniú gur teaghlach labhartha Gaeilge a bhfuil ann? Céard a cheapann siad den ghá atá ann déileáil le ceist an éilimh agus an freastal atá á dhéanamh ar scoileanna?

Chun tacú leo, ba mhaith liom a rá rud amháin eile. I gcás na Gaelscoile, is buntáiste agus achmhainn dosháraithe é nó í an páiste a bhfuil Gaeilge aige nó aici. Is acmhainn do na múinteoirí agus do na scoláirí sa scoil mar feictear an Ghaeilge á labhairt taobh amuigh den scoil agus mar theanga nádurtha. Níl aon bhealach níos fearr do ghasúr teanga a shealbhú ach a bheith i dteagmháil le gasúr eile a labhraíonn an teanga go ceart agus go foirfe. Go deimhin féin, tá bagairtí áirid ar Ghaeilge ghasúr a thógtar le Gaeilge sa mbaile nuair a théann siad ar na Gaelscoile mar phiocann siad suas drochnósanna teanga. Bíodh sin mar atá, fásann siad as na rudaí sin freisin. Is dóigh liom go gcaithfimid an-bhéim a chur leis sin.

Mar atá ráite ag an Seanadóir agus ag na finnéithe, is mionlach beag atá i gceist anois le líon na ngasúr a bheadh ag dul ar aon Ghaelscoil ar fud na tíre, cé go mbeadh se níos airde in áiteanna go bhfuil Gaelscoileanna bunaithe le fada ar nós abhantrach Scoil Lorcáin agus mar sin de i mBaile Átha Cliath, ach is mionlach iad mar sin féin. An aidhm a bhí leis an straitéis 20 bliain ná go mbeadh líon na ngasúr sa gcéad ghlúin eile agus sa ghlúin dar gcionn ag méadú agus go mb'fhéidir go dtiocfadh amach anseo an lá go mbeadh leath de na gasúr ann agus an Ghaeilge ó dhúchas acu sa mbaile. Ceann de na rudaí a bhíonn ag déanamh imní ormsa ná go múintear an Ghaeilge chuile ghlúin. De bharr nach dtugann tuismitheoirí do na gasúr é, cailltear é agus faightear ar ais é seachas é a choinneáil ó ghlúin go glúin. Ar ndóigh, tá go leor daoine ón nGaeltacht ag dul ag cónaí sa nGalltacht anois. Bhí sé riamh, ach de bharr TG4 agus rudaí mar sin tá níos mó fonn orthu siúd Gaeilge a labhairt ná mar a bhíodh. Is acmhainn iontach é sin ar nár cheart a chailleadh.

Deputy Aindrias Moynihan: Information on Aindrias Moynihan Zoom on Aindrias Moynihan Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus molaim an cur i láthair. Mar a luaigh an Teachta Ó Cuív, tá tacaíocht Fhianna Fáil acu. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ar chúpla rud. Aontaím go bhfuil sé an-tábhachtach an dalta atá ag teacht ón dtigh le Gaolainn a bheith sa chéad áit ann. Tá mé ag smaoineamh ar scoileanna a bheidh ag glacadh le daoine taobh amuigh den Ghaeltacht. An mbeidh siadsan ábalta brath ar an eolas ón mbunscoil go bhfuil an teaghlach á thógaint le Gaolainn? Tá gach seans ann nach bhfuilid ach teastaíonn uathu teacht isteach sa Ghaeltacht i gcomhair oideachais. Cén sórt tosaíocht a thabharfaí do na daoine sin? Táid gníomhach agus teastaíonn uathu teacht isteach agus a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn, cé nach í an Ghaolainn an teanga sa bhaile. Tá fuílleach samplaí ó Bheanntraí agus ó Chill Áirne ag teacht isteach go Gaeltacht Mhúscraí.

In éineacht leis sin, tá ceist na bunscoileanna. I mo Dháilcheantar féin, tá an-éileamh i gcomhair Gaelscoileanna, go háirithe bunscoileanna. I mBaile an Chollaigh, tógadh isteach 90 dalta agus díultaíodh an méid céanna cheana féin agus tá siad sa tóir anois ar an tarna Gaelscoil ag an mbunleibhéal faoi láthair. Conas a thabharfaí tacaíocht don dream sin nach bhfuil an Ghaolainn acu sa bhaile agus cén tosaíocht a thabarfaí dóibh agus iad ag teacht isteach sa scoil?

An bhfuil aon bhaol ann go dtiocfadh na samplaí atá ag na finnéithe salach ar na daoine sin a theastaíonn uathu teacht isteach sna scoileanna Gaolainne agus Gaeltachta?

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Maidir leis an bpointe a d'ardaigh an Teachta Ó Cuív, an nglacann na finnéithe nach bhfuil fadhb ar bith ann maidir le measúnú neamhspleách?

Ms Siobhán Nic Gaoithín: Níl ar chor ar bith.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly An bhfuil sé sin san aighneacht?

Mr. Colmán Ó Drisceoil: Mar phríomhoide Ghaelscoile, bheimis an-shásta go mbainfí an t-ualach sin ón scoil. Ní ghné den obair í a thaithníonn linn ach tá orainn tabhairt faoi ionas gur féidir linn an fhoráil----

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Ní hamháin sin ach tá sé scríofa agaibh san aighneacht a chur sibh isteach go hoifigiúil maidir leis an mBille seo.

Mr. Colmán Ó Drisceoil: Sea. Beimis an-shásta go mbeadh eagraíocht neamhspleách ag déanamh an meastúcháin sin.

Deputy Éamon Ó Cuív: Information on Éamon Ó Cuív Zoom on Éamon Ó Cuív Ba cheart dúinn é sin a mholadh. Muna ndéantar é sin, beidh líomhaintaí á dhéanamh. Már shampla, má tá duine ag fostú tiománaí, ní an duine sin a déarfaidh go bhfuil an tiománaí in ann tiomáint ach an údarás.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Tá sé déanta acu san aighneacht a chur siad isteach maidir leis an mBille ach is féidir linne mar choiste é a dhéanamh chomh maith.

Deputy Éamon Ó Cuív: Information on Éamon Ó Cuív Zoom on Éamon Ó Cuív Is dóigh liom gur cheart amharc sonrach a thabhairt ar an gceist sin ag éirí as an gcoiste seo.  Tá pobal labhartha na Gaeilge fíor-bheag agus tá céatadán ard de na múinteoirí atá ag múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge i measc an phobail ag labhairt Gaeilge lena gcuid gasúr. Beidh dúshlán ansin.

Mr. Colmán Ó Drisceoil: Déanfaimid iarracht freagraí a chur ar na ceisteanna. Luaigh an Seanadóir go raibh an cás níos deacra ná mar atá sa Ghaeltacht, ach cheapfainn go bhfuil castachtaí ag baint le saol na Gaeltachta chomh maith nach bhfuil ag baint le saol na cathrach agus an saol sa Ghalltacht.

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Cinnte.

Mr. Colmán Ó Drisceoil: Tá suim ag na tuismitheoirí go léir a chuireann a bpáistí ar Ghaelscoileanna sa Ghaeilge. Tá siad go léir fábharach don teanga ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Déanann sé sin an saol níos simplí, cheapfainn, i gcomparáid le comhthéacsanna áirithe sa Ghaeltacht, cé nach bhfuil mórán eolais agam ar sin.

Maidir leis an gceist a d'ardaigh an Seanadóir faoi chúrsaí oideachais sa tríú leibhéal, ní shin an taithí atá agam ón aischothú a fhaighim ó thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí imithe ar aghaidh nó ó na hiarscoláirí a thagann ar ais ar cuairt. Níor chuala mé go raibh aon fhadhb acu leis an aistriú go dtí oideachas trí Bhéarla nuair a chuaigh siad ar oideachas Béarla ar an meánscoil nó ar an ollscoil. Ní thuigtear dom gur rud coitianta é go mbíonn deacrachtaí acu ó thaobh an aistrithe teanga ansin.

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh An pointe a bhí á dhéanamh agam ná gur b'fhearr leo leanacht leis an oideachas trí mheán na Gaeilge ag an tríú leibhéal chomh maith. Seachas sin, tuigim céard atá á rá ag an bhfinné.

Mr. Colmán Ó Drisceoil: Maidir leis an gceist ar conas atá ag éirí linn, measaimid go bhfuil ag éirí réasúnta maith linn leis an bhfeachtas. Táimid an-shásta a chloisteáil go bhfuil tacaíocht againn ó Fhianna Fáil. Cé go dtuigimid nach gá gach duine a thabhairt linn, ba mhaith linn go mbeadh tacaíocht chomh fhorleathan agus is féidir ag an gcás. Nílimid ag iarraidh aon duine a chur i gcoinne aon rud nó i gcoinne na Gaeilge. Nílimid ach ag iarraidh cearta a bhaint amach do ghrúpa an-bheag ar fad. Dá mhéad tacaíochta tras-pháirtí a bheadh againn, is mó ba mhaith linn é. Ach, táimid réasúnta sásta leis an bhfreagra agus leis an nglacadh atá faighte againn ó na Teachtaí Dála agus na coistí éagsúla go bhfuilimid tar éis labhairt leo go dtí seo. Tugann an tacaíocht agus an tuiscint atá ag an gCathaoirleach, Teachtaí Dála agus Seanadóirí ar an iomlán ar an gceist ardú meanman dúinn.

Luaigh an Teachta Ó Cuív go bhfuil fadhb leis an iomarca éilimh. Dár ndóigh, níl fadhb againn leis an iomarca éilimh. Tá fadhb againn leis an easpa soláthair. Níl mé anseo chun labhairt thar cheann Ghaelscoileanna nó thar cheann Gaeloideachas, ach tá a fhios agam go bhfuil comhráití leanúnacha idir Ghaeloideachas agus an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis an múnla atá acu le Gaelscoileanna a cheadú a chur ar aghaidh. Bheadh sé go deas dá mbeadh tacaíocht ann mar tá fadhb ann, mar shampla, leis an impleacht a bhaineann leis an gcóras atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna a chuireann treoir tíreolaíochta leis na hiarratais a nglacann siad leo nuair atá scoil le bunú agus pátrúntacht le socrú, rud a chuireann cosc ar Ghaelscoileanna mar gur bheag ceantair ina mbeadh tromlach den phobal ag lorg Gaelscoile. Mar sin, is deacracht áirithe í sin i mbunú Gaelscoileanna. Bhí sé an-díomách an bhliain seo caite nuair nár éirigh le feachtas le Gaelscoil a bhunú i dtuaisceart na cathrach. Dá bhféadfadh an coiste tacaíocht a thabhairt do Ghaeloideachas maidir leis an ngníomh sin, bheadh sé go hiontach ar fad.

Ms Siobhán Nic Gaoithín: Agus muid ag caint ar an ró-éileamh, an taighde agus na figiúirí a bhfuaireamar ná go raibh 1,656 páiste nach bhfuair áit i scoil anuraidh. Tá sé sin le fáil ar shuíomh Gaeloideachas. Mar a deir Colmán Ó Drisceoil, is mar gheall ar an easpa soláthair atá sé seo ag tarlú. B'fhearr linn i bhfad go mbeadh áit ar scoil do achan pháiste atá ag lorg an oideachais trí Ghaeilge. Ní féidir liomsa a shoiléiriú an é go raibh siad ar liosta feithimh roinnt scoileanna áirithe. Beidh an t-eolas sin ar fáil ó Ghaeloideachas féin. Is léir go bhfuil easpa soláthair ann. Labhair an Teachta, mar shampla, faoin mbunscoil agus Gaelscoil i mBaile an Chollaigh. Tá duine de na tuismitheoirí atá inár ngrúpa féin, Cearta Oideachais, le beirt pháiste i mBaile an Chollaigh. Tá sí ag tógáil a cuid páistí le Gaeilge. Tá áit diúltaithe dá páistí sa Ghaelscoil i mBaile an Chollaigh. Tá sí anois ag obair sa dtreo is go mbeidh Gaelscoil eile sa cheantar. Is mór an trua é agus tá samplaí de sin le fáil go forleathan ar fud fad na tíre, go háirithe sna ceantracha uirbeacha. Tá an bhallraíocht de Chearta Oideachais den chuid is mó ó Bhaile Átha Cliath, Gaillimh agus Corcaigh, toisc gurb iad sin na háiteanna ina bhfuil na fadhbanna agus an ró-éileamh ann. Ag dul le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, muna bhfuil an Ghaeilge á labhairt sa bhaile agus muna bhfuil an tacaíocht á thabhairt sna scoileanna, ní éireoidh linn.

Dá mbeadh cur chuige ar nós scéim labhairt na Gaeilge ann ina mbeadh an tríú pháirtí seo neamhspleách ó na scoileanna ag cur ar fáil a leithéid de scéim agus a leithéid de aitheantas, bheadh mórán buntáistí ag baint leis. Bheadh buntáistí ag baint leis don Ghaeilge agus b'fhéidir go n-athródh sé intinn daoine dá mbeadh siad ag déanamh cinneadh ar a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Tá buntáistí eile ag baint leis má tá aitheantas tugtha do dhaoine mar theaghlach nó mar pháiste atá tógtha le Gaeilge. Sílfinnse féin go mbeadh sé mar chur chuige an-mhaith ó thaobh forbartha agus pleanáil teanga de. Chuirfeadh muid ag cur fáilte mhór roimhe.

Tá sé deacair a bheith ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá fadhbanna ann taobh istigh, ach go háirithe taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sé ina chúram an-aonarach in amanta. Tá tacaíocht ann agus caithfimid buíochas a ghabháil le na Gaelscoileanna agus an tacaíocht a thugann siad do theaghlaigh agus do na páistí. Táimid buíoch do ghrúpaí ar nós Ghlór na nGael, grúpaí tacaíochta, grúpaí teaghlaigh agus mar sin de atá ann le cuidiú linn agus sinn i mbun tógáil ár gcuid páistí le Gaeilge. Ní féidir leo lán-inniúlacht a bhaint amach muna bhfaigheann siad oideachas trí mheán na Gaeilge. Caithfear é sin a dhearbhú ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal.

Ag dul ar ais go dtí na naíonraí, tháinig sinne le chéile mar gheall ar an mBille iontrála scoile seo. Is ceist í an soláthar naíonraí atá pléite againn ach nach bhfuil aon aontú tagtha againn air go fóill. Mar an gcéanna, bíonn ró-éileamh ar naíonraí freisin. Gan dabht, tá sé seo le plé againn sa ghrúpa. Tá ceist eile ansin. Is cinnte go bhfuil ró-éileamh ar naíonraí agus ba bhreá linn go mbainfidh ár gcuid páistí áiteanna amach ó naíonraí go dtí an meánleibhéal.

Mr. Colmán Ó Drisceoil: Ba mhaith liom teacht ar ais go dtí an cheist a chur an Teachta Ó Muíneacháin faoin ord tosaíochta dóibh siúd atá ag teacht isteach sa Ghaeltacht. Ní bheadh aon ord tosaíochta ann. Baineann muidne go díreach leo siúd atá ag labhairt Gaeilge sa bhaile lena bpáistí. Ní haon dímheas é sin ar aon duine eile atá i gceist. Tá sé iontach go bhfuil suim ag daoine sa Ghaeilge agus go labhraíonn daoine roinnt Gaeilge sa bhaile, ag léiriú suime agus ag cothú spéise, ach bheadh sé an-deacair tabhairt faoi fhoráil a thabharfadh aitheantas dó sin nach mbainfí mí-úsáid as. Mar sin, táimid ag iarraidh a bheith an-chruinn agus an-díreach faoi seo go mbaineann an fhoráil seo leo siúd arb í an Ghaeilge an teanga bhaile atá acu. Dá bharr sin, baineann sé le líon páistí an-bheag. Ní bheifí ag úsáid na forála seo mar chonstaic bhog chun cosc a chur ar dhaoine le teacht isteach sa Ghaelscoil.

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Is léir go bhfuil tacaíocht ag Cearta Oideachais ó pháirtithe éagsúla, muid féin i Sinn Féin san áireamh. Cén caidreamh nó cumarsáid a bhí ag na finnéithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus feidhmeannaigh na Roinne? Ar chas na finnéithe leo siúd? An bhfuil siadsan dóchasach dearfach nó céard atá siad ag rá le Cearta Oidechais? Má tá cur i gcoinne seo, táimid ag iarraidh a oibriú amach cé as a dtiocfaidh sé le go mbeimid in ann a bheith réidh dó. An raibh mórán caidrimh nó mórán cumarsáide ag na finnéithe leis an Roinn nó an bhfuair siad tada ar ais ón Roinn ar chor ar bith?

Ms Siobhán Nic Gaoithín: Is é sin an chéad chéim eile a theastaíonn uainn a bhaint amach.

Mr. Colmán Ó Drisceoil: Is grúpa beag tuismitheoirí muid. Is bealach nua é seo dúinn. Ní taithí againn ar an saol seo nó ar bheith ag suí sna cathaoireacha seo.

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Níl an cuma sin oraibh.

Mr. Colmán Ó Drisceoil: Go raibh míle maith ag an Seanadóir. Is é seo an bóthar a roghnaíomar mar go mheasamar gur cheart dul i bhfeidhm ar na daoine a reachtálann agus a chuireann na dlithe nua i bhfeidhm. Is é foilsiúchán na reachtaíochta molta an rud a chuir buairt orainn agus a chuireamar ar an mbóthar seo. Níl muid tar éis a bheith i dteagmháil leis an Roinn Oideachais agus Scileanna nó tar éis na ceisteanna a phlé leis.

Ms Siobhán Nic Gaoithín: É sin ráite, ba bhreá linn cruinniú a bheith againn leis an Aire Oideachais agus Scileanna. Ba bhreá linn a thacaíocht siúd a dhearbhú. Bheadh cur amach níos fearr ag an Seanadóir ar an gcéad chéim eile maidir leis an gComhchoiste Oideachais agus Scileanna. Beidh na Teachtaí Dála agus an tAire Oideachais agus Scileanna ag teacht le chéile leis an mBille agus na leasuithe ar an mBille sin a phlé go luath. Ba bhreá linn dá dtiocfadh linn cruinniú a eagrú leis an Aire Oideachais agus Scileanna chun é seo a chur faoina bhráid. Tá sé ráite linn go bhfuil sé faoina bhráid faoi láthair ach níl aon ráiteas faighte againn uaidh nó ón Roinn Oideachais agus Scileanna le rá go bhfuil sé chun glacadh leis nó go bhfuil sé ag tacú lenár n-aighneacht. Táimid tar éis tacaíocht a fháil ó eagraíochtaí Gaeilge cosúil le Glór na nGael, an Foras Pátrúntachta agus Conradh na Gaeilge. Tá ár n-aighneacht faoi bhráid coistí agus bord bainistíochta Gaeloideachas agus COGG. Táimid ag dréim le na heagraíochtaí Gaeilge agus na Teachtaí Dála a thabhairt linn. Ba mhór linn aon chomhairle, tacaíocht nó tionchar gur féidir leis an gcoiste a chur ar an Aire Oideachais agus Scileanna.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Tá ceistín bheag ag an Teachta Ó Cuív.

Deputy Éamon Ó Cuív: Information on Éamon Ó Cuív Zoom on Éamon Ó Cuív Breathnaíonn sé go bhfuil fadhb faoi leith ag Gaelscoileanna go ginearálta, go mórmhór i soláthar a bhaint amach de bharr na critéir a úsáidtear, is é sin, go gcaithfidh formhór pobail in abhantrach bheith i bhfábhar scoil lán-Ghaeilge. Céard a cheapfadh na finnéithe den smaoineamh déileáil leis an easpa soláthair tríd an tír a bhriseadh síos ina abhantracha scoileanna lán-Ghaeilge agus dóthain soláthair a chur ar fáil i gcuile abhantrach? Mar atá i mBaile Átha Cliath, tá go leor scoileanna lán-Ghaeilge le habhantracha réasúnta bheag. Dá mba rud é nach raibh ach scoil amháin i gContae Liatroma, mar shampla, bheadh abhantrach ollmhór ag an scoil. De réir mar a d'fhásfadh an t-éileamh, d'fhéadfaí an dara scoil a bhunú nó méadú a chur ar an scoil atá ann. Déanfadh measúnú ar éileamh scoileanna lán-Ghaeilge ar an gcaoi sin.

Ní maith le duine ar bith aon duine a choinneáil ó oideachas trí mheán na Gaeilge. Ag deireadh an lae, is é freagra na ceiste seo ná dóthain soláthair a bheith ann do chuile dhuine atá ag éileamh oideachais trí Ghaeilge. Tá mé go hiomlán taobh thiar de seo. Tá garchlann agamsa atá á thógáil le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus an-dua caite ag labhairt na Gaeilge leo sa mbaile. Fuair beirt acu, ar a laghad, áit i scoil lán-Ghaeilge. Peaca a bheadh ann muna bhfaigheadh siad é sin. Ag an am céanna, ní maith liomsa daoine a fheiceáil agus oideachas lán-Ghaeilge á cheilt orthu de bharr nach bhfuil dóthain soláthair agus de bharr go bhfuil na rialacha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le dáileadh scoileanna go bunúsach mí-cheart, mí-chuí, mí-chruinn agus in aghaidh na Gaeilge.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Ní bheidh mórán deise againn na freagraí a fháil. An Seanadóir Ó Clochartaigh, go sciobtha.

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Os rud é gur iarr na finnéithe an raibh aon mholtaí eile maidir le rudaí go bhféadfadh muid a dhéanamh, sílim go bhféadfadh muid scríobh chuig an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus an tAire Stáit Gaeltachta i gcomhthéacs-----

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Go práinneach.

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh -----Straitéis 20 Bliain na Gaeilge agus iarraidh orthu sin tacaíocht a thabhairt. Ba chóir dúinn scríobh chuig an Taoiseach atá i gceannas ar an gcomhchoiste idir-rannach-----

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Tá mé ag iarraidh cúpla nóiméad a fháil do na freagraí.

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh -----le tacaíocht iadsan a lorg ó thaobh Ghaeilge ag bord an Rialtais de chomh maith.

Mr. Colmán Ó Drisceoil: Níl aon chinneadh oifigiúil déanta againn mar eagraíocht ar sin, ach bheadh muid an-shásta dá dtiocfaí ar chóras éigin a chuirfeadh an Ghaelscolaíocht ar fáil ar bhonn níos leithne. Tá sé tábhachtach gan dearúd a dhéanamh ar an meánscolaíocht, áit go gcuirtear amú cuid mhaith den obair a dhéanann na bunscoileanna nuair nach mbíonn an mheánscolaíocht ar fáil trí Ghaeilge in an-chuid ceantracha chomh maith.

Deputy Éamon Ó Cuív: Information on Éamon Ó Cuív Zoom on Éamon Ó Cuív Nuair a úsáidim an focal Gaelscoil, táim ag caint ar oideachas trí Ghaeilge sa bhunscoil agus sa mheánscoil. Tá a fhios agam go teicniúil-----

Mr. Colmán Ó Drisceoil: Tuigim.

Ms Siobhán Nic Gaoithín: Tá an réamh-oideachas san áireamh ansin chomh maith ó thaobh naíonraí de agus a leithéid sin.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Tá daoine ag fanacht taobh amuigh den doras. Ó mo thaobhse, tá mise thar a bheith sásta nach bhfuil mí-thuiscint i gceist maidir le, mar a dúirt an tUas. Colmán Ó Drisceoil, constaic bhog a chruthú nó ligeant do dhaoine mí-úsáid a bhaint as an bhforáil. Níl aon mhí-thuiscint i gceist anois. Tá sé thar a bheith soiléir.

Gabhaim buíochas le na finnéithe. Luaigh Colmán Ó Drisceoil ardú meanman. Tugann Cearta Oideachais, mar dhream ag obair go deonach, ardú meanman dúinne leanúint ar aghaidh. Ní mór dom é sin a rá. Tá an t-uafás oibre déanta acu. Gabhaim buíochas leo ar son an choiste.

The joint committee went into private session at 3.54 p.m. and adjourned at 3.57 p.m. until 5 p.m. on Tuesday, 7 February 2017.


Last Updated: 02/07/2017 05:00:53 AM First Page Previous Page Page of 2 Next Page Last Page