Gaeilge sa Státseirbhís

Tuesday, 21 February 2017

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán Debate
Unrevised

First Page Previous Page Page of 8 Next Page Last Page

Gaeilge sa Státseirbhís

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Céad míle fáilte romhaibh go léir. Tá cúigear ann. Tá an tinreamh iontach inniu. Tá leithscéal faighte againn ó na Seanadóirí, Trevor Ó Clochartaigh agus Joe O'Reilly. Cuirimid tús leis an toscaireacht. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh an tUasal Éamonn Ó Dónaill ar dtús. De ghnáth tosnaímid leis na gnáthrudaí ach inniu tá na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí faoi bhrú de bharr cruinnithe eile. Tá rud beag le léamh amach ag an gcléireach maidir leis an dlí.

Clerk to the Committee: Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chur siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó leis na hoifigigh, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Gabh mo leithscéal, rinne mé neamhaird. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh ball nua den choiste, an Seanadóir Rónán Mullen.

Senator Rónán Mullen: Information on Rónán Mullen Zoom on Rónán Mullen Go raibh maith agat.

Mr. Éamonn Ó Dónaill: Ba mhaith liom ar dtús amharc ar stádas na Gaeilge sa státchóras ó bunaíodh an Stát agus le breis is daichead bliain anuas. Sílim go bhfuil sé tábhachtach díriú ar an chúlra seo le cinntiú go mbeidh sé soiléir do gach duine go bhfuil creimeadh agus ísliú stádais i gceist ó thaobh na Gaeilge de le fada an lá anois. Ní mór dúinn a bheith ábalta é sin a admháil sula dtig linn díriú ar réiteach na faidhbe. Ina dhiaidh sin, ba mhaith liom labhairt faoi na cúrsaí oiliúna atá á dtairiscint ag mo chomhlacht féin, Gaelchultúr, d’eagraíochtaí Stáit le corradh agus deich mbliana anois. Ar deireadh ar fad, luafaidh mé roinnt nithe praiticiúla a d’fhéadfaí a dhéanamh le stádas na Gaeilge a ardú sa státseirbhís agus san earnáil phoiblí i gcoitinne.

  Ó bhunú an Stáit go dtí 1974 bhí cumas sa Ghaeilge ina riachtanas i gcás daoine ar mhian leo post a fháil i státseirbhís na tíre. Thugtaí Gaeilge éigeantach ar an chur chuige seo agus ba mhinic a léiríodh drochmheas air. Iadsan a fuair post sa státseirbhís ag an am nach raibh Gaeilge acu, bhíodh tréimhse trí bliana acu leis an teanga a fhoghlaim sula gceapfaí go buan iad. Ní cosúil go raibh an caighdeán a éilíodh iontach ard agus, de réir dealraimh, is beag duine a briseadh as a phost in imeacht leathchéad bliain de bharr easpa cumais sa Ghaeilge.

  Ansin, sa bhliain 1974 shocraigh Rialtas na linne deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantach do gach státseirbhíseach agus cuireadh córas nua ina áit a gheall marcanna bónais, 10%, le linn comórtais earcaíochta agus arduithe céime dóibh siúd a raibh dhá theanga oifigiúla an Stáit acu. Cuireadh an córas nua i láthair mar ghníomh ar son na Gaeilge agus dúradh go gcothódh an cur chuige seo dearcadh níos dearfaí i leith na teanga. Leasaíodh an córas arís sa bhliain 1990 agus laghdaíodh na marcanna bónais ó 10% go dtí 6%.

  Bhí amhras faoi éifeacht an chórais in imeacht na mblianta agus tháinig sé chun solais dornán blianta ó shin go raibh leath na Ranna nach raibh ag ceadú na marcanna bónais ar chor ar bith i gcomórtais inmheánacha d’arduithe céime. Cuireadh deireadh iomlán leis na marcanna bónais sa bhliain 2013 agus cuireadh córas úrnua in áit an tseanchórais. Faoin chóras sin, an córas atá ann faoi láthair, tráth a bhíonn comórtais earcaíochta ar siúl cruthaítear painéil de dhaoine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. Deirtear go gceapfar daoine ó na painéil sin i gcás post atá aitheanta mar phoist a mbaineann riachtanas Gaeilge leo. Faoin chóras nua seo is féidir le 6% de na daoine atá cáilithe do phoist sa státseirbhís a bheith ar na painéil Ghaeilge ach ní cheapfar iad gan post a bheith daingnithe go hoifigiúil mar cheann a bhfuil Gaeilge riachtanach ann.

  Agus is anseo atá croí na faidhbe. Is cosúil nach bhfuil na Ranna Rialtais éagsúla sásta poist a aithint lena mbaineann riachtanas Gaeilge. Tá taighde déanta ag an suíomh nuachta Tuairisc.ie ar fhreagraí ar cheisteanna Dála faoin ábhar seo agus is cosúil nach bhfuil ach 15 phost sainaitheanta ag 15 Roinn Rialtais mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. Sin 15 phost a mbaineann riachtanas Gaeilge leo as an 18,775 post a bhí gceist sna freagraí Dála seo, sin 0.08% den iomlán. Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go raibh “ag teip go hiomlán” ar na cuspóirí a bhí luaite leis an chóras nua earcaíochta seo don Ghaeilge. Sin mar atá an scéal faoi láthair: córas earcaíochta a chreidtear a bheith iomlán lochtach le daoine a bhfuil Gaeilge acu a cheapadh i bpoist sa státseirbhís.

  Tuigim go bhfuil suirbhé ar an teanga sa státseirbhís ar siúl ag an chomhchoiste seo agus fáiltím go mór roimhe sin. Is cinnte go mbeidh eolas luachmhar le fáil i dtorthaí an tsuirbhé sin. Ach ní fiú suirbhéanna a dhéanamh mura mbaintear leas astu le polasaithe nua a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus is léir do gach duine go dteastaíonn polasaí nua sa réimse seo. Teastaíonn polasaí a chinnteoidh go gceapfar an sciar ceart daoine a mbeidh Gaeilge líofa acu ag gach leibhéal sa státseirbhís mura bhfuil muid le géilleadh do pholasaí a fhágfaidh go mbeidh Béarla éigeantach i gceist agus an pobal ag plé leis an státchóras. Sin bun agus barr an scéil.

  Is ceart fosta tabhairt faoi scéim cheart oiliúna teanga sa státseirbhís agus, má deirim féin é, sílim go nglactar leis go bhfuil saineolas ag Gaelchultúr sa réimse sin mar gheall ar an obair atá déanta againn le dhá bhliain déag anuas. Tá dlúthcheangal idir cumas Gaeilge na státseirbhíse agus úsáid na Gaeilge i measc an phobail. Ní bheidh éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge mura bhfuil siad ar fáil go furasta. Fágfaidh formhór na ndaoine a rogha teanga ar leataobh má cheapann siad go gcothóidh siad deacracht don státseirbhíseach atá ag plé leo má úsáideann siad an Ghaeilge. Caithfear an fáinne fí sin a bhriseadh.

  Cad é is féidir a dhéanamh? Tá freagra na ceiste sin simplí go maith. Caithfear a admháil ar dtús go bhfuil fadhb ann sular féidir leigheas a lorg. Tá an leigheas ann, is é sin polasaí ceart earcaíochta a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go gceapfar daoine a bhfuil Gaeilge acu ag gach leibhéal sa státseirbhís agus scéim cheart oiliúna a fhorbairt le cuidiú leo siúd atá ann cheana féin a gcumas sa teanga a fhorbairt.

  Tá an dá rud sin indéanta ach an toil pholaitiúil a bheith ann. Tá seo ag tarlú i ndlínsí eile ar fud an domhain agus ní gá dúinn ach amharc trasna Mhuir Éireann chuig an Bhreatain Bheag le dea-shampla a fheiceáil de chur chun cinn an dátheangachais. Tá an cur chuige nua seo ríthábhachtach anois, go háirithe anois agus cúram pleanála teanga á chur ar phobal na Gaeltachta féin faoi Acht na Gaeltachta 2012. Cén mhaith do ghrúpaí pobail a bheith ag ullmhú pleananna leis an teanga a chosaint agus a chur chun cinn ina gceantar féin má tá an státchóras ag brath leanúint air ag brú an Bhéarla orthu? Ní leor, mar a dúradh roimhe seo, a bheith ag rá le muintir na Gaeltachta an Ghaeilge a labhairt ina measc féin ach gan í a labhairt linn.

  Déarfaidh mé cúpla focal anois faoin obair atá ar bun ag Gaelchultúr, comhlacht a bhfuil baint agam leis. Tá Gaelchultúr ag cur cúrsaí oiliúna ar fáil don earnáil phoiblí le dhá bhliain déag anois agus tá na mílte fostaí de chuid an Stáit i ndiaidh freastal ar na cúrsaí sin. Cúrsaí gan teastasú a bhí i gceist i dtús ama. Ansin, in 2012, bhain an comhlacht stádas amach mar sholáthraí cúrsaí ó Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, QQI, agus i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin chuir muid tús leis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, an TGG. Ceathrar a d’fhreastail ar an chéad chúrsa sin, a bhí ag leibhéal 4 den chreat náisiúnta cáilíochtaí, NFQ.

  Tá sé d’aidhm ag an TGG an mhuinín agus na scileanna teanga a thabhairt do na rannpháirtithe a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge leis an phobal i gcomhthéacs na hoibre agus an teanga a úsáid go sóisialta chomh maith.


Last Updated: 02/28/2017 01:01:21 AM First Page Previous Page Page of 8 Next Page Last Page