Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile

Tuesday, 13 June 2017

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán Debate

First Page Previous Page Page of 8 Next Page Last Page

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Tá tús curtha leis an gcruinniú. Gabhaim buíochas leis an Seanadóir a tháinig isteach chun cabhair a thabhairt dúinn. Ós rud é go bhfuil an cruinniú tosaithe anois, is féidir leis fágáil más mian leis. Níl mé ag iarraidh é a choinneáil. Tosóimid leis an gcur i láthair. Ina dhiaidh sin, beidh cruinniú príobháideach againn maidir leis na mionsonraí. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh Máire Clár Nic Mhathúna, atá mar phríomhoide ar Choláiste Phobail Cholmcille i gContae Dhún na nGall. Ní féidir liom "Dún na nGall" a rá nuair atá mé ag caint le dlúthchara atá agam. Deireann sí "Tír Chonaill" i gcónaí.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna: Tá "Tír Chonaill" níos fearr.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Cuirim fáilte freisin roimh Orla Ní Cheallaigh, atá mar mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Pobail Ráth Chairn; agus roimh Mícheál Ó Súilleabháin, atá mar mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Beaufort san Uaimh i gContae na Mí. Beidh siad ag labhairt freisin. Cuirim céad míle fáilte rompu. Iarraim anois ar Chléireach an Choiste ráiteas maidir le pribhléid a léamh. Tá sé beagáinín deacair é a léamh amach. Baineann sé leis an gá atá ann bheith cúramach leis an méid a bheidh le rá againn.

Clerk to the Committee: Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó le hoifigeach, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Tá leithscéal faighte ón Teachta Peadar Tóibín, a bhíonn anseo de ghnáth, ón Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus ón Seanadóir Joe O'Reilly. Is gá bheith féaráilte agus a rá go mbíonn siad anseo de ghnáth le haghaidh chuile chruinniú. Is lá neamhghnách é an lá inniu ós rud é go bhfuil rudaí cinniúnacha ar siúl ar fud an Oireachtais. Iarraim ar Mháire Clár Nic Mhathúna a ráiteas a thabhairt anois.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna: Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcoiste as ucht cuireadh a thabhairt dúinn teacht anseo agus an ábhar imní seo a phlé. Labhróidh mé ar feadh cúpla bomaite faoin tábhacht a bhaineann leis an scrúdú cainte agus muid ag iarraidh an polasaí don oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Ina dhiaidh sin, pléfidh mo chomhleacaithe mar a rachfaidh an tsonraíocht i bhfeidhm ar fhoglaim, ar bhuanú agus ar labhairt na Gaeilge sna scoileanna.

Is ionann Gaeltacht agus áit ina labhartar Gaeilge. Tá sé de dhualgas againn na ceantair seo a chaomhnú, a chothú agus a choinneáil ag dul. Don chuid is mó, is ceantair iargúlta scoite iad ina mbíonn dífhostaíocht agus an imirce mar ábhar buartha don phobal. Tá rud amháin acu - saibhreas teangan agus cultúir. Is féidir leis na pobail Gaeltachta bheith bródúil astu féin de thairbhe sin. Dar leis na saineolaithe, ar an drochuair beidh an Ghaeilge ar shiúl as na ceantracha seo taobh istigh de deich mbliana. Creidim go bhfuil tréimhse ocht mbliana i gceist i gcásanna áirithe. Caillfear an tsaibhreas sin - na canúintí éagsúla, an stór focal agus an léargas - ach ní bhfaighfimid ar ais go bráth é. De réir daonáirimh-----

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Gabh mo leithscéal. An bhfuil an finné ag léamh as doiciméad difriúil?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna: Ní dóigh liom go bhfuil an cáipéis a sheolamar chuig an choiste inné os mo chomhair anois. Tá nótaí eile agam inniu.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Tá leagan nua á thabhairt dúinn anois.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna: Tá.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Ceart go leor. Bhí mé ag iarraidh gach rud a thuiscint. An bhfuil cóipeanna den ráiteas nua ar fáil?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna: Tá cóip amháin agam.

Ms Orla Ní Cheallaigh: Tá cóip agam freisin.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly B'fhéidir go mbeimid in ann é a thógáil agus cóipeanna a fháil do chuile dhuine.

Ms Orla Ní Cheallaigh: Tá sé garbh go maith.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Is dócha go bhuil cóipeanna ag teastáil ó chuile dhuine.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna: De réir daonaireamh na bliana 2016, tá laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí dúchais, ach amháin i bPort Láirge agus i gcathair na Gaillimhe. Teastaíonn gníomh anois. Ba cheart dúinn iarracht a dhéanamh an saibhreas seo Gaeilge a shábháil agus a chaomhnú. Tá iarrachtaí déanta, mar shampla in Acht na Gaeltachta, 2012, leis an bpleanáil teanga agus an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur chun cinn agus tá iarrachtaí eile ar bun anois leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta. Muna bhfuil daoine óga ag labhairt na teanga go laethúil, is beag toradh a bheidh ar na hiarrachtaí seo uilig. Is ag an am seo, agus muid ag iarraidh labhairt na teangan a spreagadh agus a thabhairt le fios do dhaoine óga go bhfuil tábhacht agus fiúntas ag baint leis an teanga labhartha, a socraíodh gan scrúdú cainte a bheith mar chuid den teastas sóisearach níos mó.

De réir staitisticí ón bPríomh-Oifig Staidrimh sa bhliain 2011, dúirt an tríú cuid de dhaoine óga sa Ghaeltacht idir deich mbliana agus naoi mbliana déag d'aois nach raibh Gaeilge acu - sin gan trácht ar na daoine atá ar nós "is cuma liom" fá dtaobh den teanga. Muna bhfuil buntáiste ar bith le baint as labhairt na Gaeilge, cad chuige a d'fhoghlaimeoidís í? Dúradh i dtuarascáil an phríomhchigire a bhain leis na blianta idir 2010 agus 2012 nach raibh an tríú cuid de na múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta agus sna Gaelscoileanna líofa go leor lena gcuid teagaisc a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Cé a chuideoidh leis na scoláirí sna scoileanna sin dearcadh dearfach a bheith acu faoin teanga, gan trácht ar a gcuid Gaeilge a fheabhsú, muna bhfuil dóthain Gaeilge ag a gcuid múinteoirí? B'fhéidir go n-imeoidh cuid de na scoláirí sin go dtí na coláistí tríú leibhéal le haghaidh oiliúnt mhúinteora. An mbeidh Gaeilge líofa acu, agus iad tar éis teacht trí chóras nach leagtar béim ar labhairt na teangan ann? Is é sin an todhchaí atá os ár gcomhair nuair a bheidh múinteoirí agus tuismitheoirí den chineál seo againn amach anseo. Muna bhfuil an Ghaeilge acusan, agus léargas ar thábhacht na Gaeilge, ní mhairfidh sí sa Ghaeltacht mar theanga labhartha.

Tá go leor le moladh sa tsonraíocht don teastas sóisearach, ach creidim go mbeidh drochthionchar ag an gcinneadh seo gan scrúdú cainte ar bith a bheith ann.


Last Updated: 06/17/2017 01:01:04 AM First Page Previous Page Page of 8 Next Page Last Page