Tuesday, 4 October 2016

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán Debate

First Page Previous Page Page of 2 Next Page Last Page

The Joint Committee met at 17:00

MEMBERS PRESENT:

Information on Aindrias Moynihan Zoom on Aindrias Moynihan Deputy Aindrias Moynihan, Information on Joe O'Reilly Zoom on Joe O'Reilly Senator Joe O'Reilly,
Information on Éamon Ó Cuív Zoom on Éamon Ó Cuív Deputy Éamon Ó Cuív,* Information on Pádraig Ó Céidigh Zoom on Pádraig Ó Céidigh Senator Pádraig Ó Céidigh,
Information on Fergus O'Dowd Zoom on Fergus O'Dowd Deputy Fergus O'Dowd, Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Senator Trevor Ó Clochartaigh,
Information on Bríd Smith Zoom on Bríd Smith Deputy Bríd Smith, Information on Brian Ó Domhnaill Zoom on Brian Ó Domhnaill Senator Brian Ó Domhnaill.
Information on Peadar Tóibín Zoom on Peadar Tóibín Deputy Peadar Tóibín,  


* In the absence of Deputy Pat The Cope Gallagher.

Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly DEPUTY CATHERINE CONNOLLY IN THE CHAIR.

  The joint committee sat in private session until 17:30 p.m.

Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: An Coimisinéir Teanga

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Céad míle fáilte roimh an gCoimisinéir Teanga agus Colm Ó Coisdealbha Uasal atá anseo in éineacht leis. Is iontach an rud é go bhfuil siad anseo agus sásta cur i láthair a chur os ár gcomhair. Gabhaim buíochas leo as an gcáipéis de sheacht leathanach a tugadh dúinn. Cáipéis chuimsitheach atá ann. Táim buíoch do na finnéithe agus tá an-obair déanta acu. Leanfaimid ar aghaidh. Tá deis ag na finnéithe anois an cur i láthair a dhéanamh.

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Is mór agam an cuireadh a bhfuair mé labhairt leis an gcomhchoiste inniu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Gabhaim leithscéal leis an gCoimisinéir Teanga. Rinne mé dearmad-----

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Bhí mé ag cuimhneamh. Ní raibh mé ag iarraidh tada a rá.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly -----é a chur os comhair na bhfinnéithe. Tá a fhios acu faoina ndualgais faoi Acht um Chlúmhilleadh 2009. Ní dóigh liom go bhfuil aon ghá é a léamh amach. Thug siad fianaise roimhe seo os comhair coistí Oireachtais éagsúla.

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Ceart go leor.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Mo leithscéal arís as cur isteach ar an bhfinné.

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Tá mé an-bhuíoch as an gcuireadh labhairt leis an gcomhchoiste. Ba mhaith liom a rá ar dtús go bhfáiltím go mór roimh bhunú an bhuan-choiste seo agus an stádas a bhronnann sé ar chursaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán i gnóthaí an Oireachtais. Guím gach rath ar an gcoiste ina chuid oibre.

Tá mo ráiteas tosaigh curtha faoi bhráid an chomhchoiste agam ina ndéanaim cur síos ar ról na hoifige, ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014, ar chóras na scéimeanna teanga agus ar an earcaíocht sa tseirbhís phoiblí. Is ábhair iad seo go bhfuilim tar éis labhairt faoi roimhe seo le coistí agus comhchoistí de chuid an Oireachtais agus téann siad go dtí croí-lár na hoibre atá ar siúl ag m'oifig. Ba mhaith liom mar sin díriú ar na príomhphointí a ndéanaim tagairt dóibh i mo ráiteas tosaigh.

Ní shásaíonn na ceannteidil a fhoilsíodh do Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 i mí Aibreán 2014 na hathruithe atá ag teastáil san Acht reatha. Ní thugann na ceannteidil aird ar an méid atá á lorg agamsa agus ní thugann siad aird ar na moltaí a tháinig chun cinn ón gcomhairliúchán poiblí. Is deacair mar sin a rá cé a bheadh sásta le na ceannteidil mar atá siad. Rinne comhchoiste traspháirtí Oireachtais 33 moladh ar na 13 ceannteideal agus is dócha go n-insíonn sé sin a scéal féin. Go deimhin, bhí sé le rá ag an Aire Stáit le deanaí, agus an tAire Stáit roimhe sin, nach bhfuil na ceannteidil mar atá siad sásúil.

An cheist mar sin ná céard í an chéad chéim eile. Mar Choimisinéir Teanga atá ag obair leis an reachtaíocht chuile lá, ní miste liom a thabhairt le fios don chomhchoiste Oireachtais seo go dteastaíonn athruithe cuimsitheacha ar struchtúr agus ar fhorálacha an Achta a théann i ngleic le riachtanais praiticiúla lucht labhartha na Gaeilge. Mura ndéanfar é sin, is faillí a bhéas ann mar beidh muid ag leanúint orainn bliain i ndiaidh bliana ag trácht ar na fadhbanna cheannann céanna. Níl aon amhras orm faoi sin.

Creidim gurb é an ról gur chóir go mbeadh ag an reachtaíocht ná éascú a dhéanamh ar na cuspóirí a theastaíonn uainn a bhaint amach. I gcás Acht na dTeangacha Oifigiúla, ba chóir go mbeadh sé mar chuspóir againn go mbeadh teacht níos éasca ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge agus go mbeadh caighdeán na seirbhísí sin ar aon dul leis an tseirbhís i mBéarla. Tá sé mhór-leasú curtha i láthair an choiste agam i mo ráiteas tosaigh, agus ní shin ag áireamh leasuithe teicniúla a theastaítear chomh maith dár ndóigh. Díreoidh mé ar an dá leasú is tábhachtaí mar a fheicimse iad.

Ar dtús, táim ag moladh go mbeadh ar chumas an Stáit a chuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Tá próiseas pleanála teanga ar siúl sna ceantair Gaeltachta faoi láthair agus measaim go bhfuil go leor dúshláin roimh an bpróiseas sin ina chuid iarrachtaí úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a chothú sna limistéir Gaeltachta. Táimse den tuairim go gcaillfidh an próiseas pleanála teanga a dhlisteanacht má bhíonn teip ar an Stát a chuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sna limistéir céanna ina bhfuil i gceist iarrachtaí ar leith a dhéanamh chun úsáid na Gaeilge a choinneáil chun cinn ag leibhéal an phobail. Bheadh sé thar a bheith íorónach dá dtarlódh sé gurb é soláthar na seirbhísí poiblí sa Ghaeltacht an lúb is laige sa slabhra phleanáil teanga. Creidimse gur le cúl-taca na reachtaíochta is fearr a thabharfar aghaidh ar an ábhar seo agus gur féidir é a thabhairt chun cinn ar bhealach praiticiúil i bhfoirm rialacháin ag leanúint ó bhun-chuspóirí an Achta.

Táim ag díriú aird an chomhchoiste chomh maith ar chóras na scéimeanna teanga atá go maith i dteoiric, ach nach bhfuil ag feidhmiú mar is ceart le blianta fada anois. I mo ráiteas tosaigh, léirím go mbíonn scéim teanga i bhfeidhm ar an meán sé bliana sula n-aontaítear scéim nua. Is é sin dhá oiread ama agus ba chóir. Ach níl ansin ach cuid den scéal mar tá líon suntasach comhlachtaí nár aontaíodh an dara scéim teanga go fóill leo. I gcás 19 de chomhlachtaí poiblí, tá sa bhreis ar chúig bliana caite anois ó tháinig deireadh le tréimhse feidhme na chéad scéime agus gan an dara scéim daingnithe. Tá sé seo uilig ag tarlú ag tráth go bhfuil iarracht á dhéanamh ag an Roinn dlús a chur le haontú scéimeanna teanga. Ag breathnú ar an líon méadaithe scéimeanna atá aontaithe sa tréimhse sin, thógfadh sé sé bliana breith suas ar an riaráiste atá carnaithe, sin gan aon iarratas nua ná gan aon iarratas ar athnuachan a bheith déanta sa tréimhse sin.

Is léir mar sin go bhfuil na fíricí lom. Ach, mar is dual d’fhíricí, ní thugann siad léargas ar chaighdeán ghealltanais na scéimeanna. Is ábhar mór imní é an méid sin dom mar, in ainneoin roinnt scéimeanna maithe, is beag a bhíonn i gcuid mhaith scéimeanna teanga go bhféadfaí a rá go ndéanfaidh sé mórán de dhifir ó thaobh seirbhísí úsáideacha a bheith ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge. Mar léiriú ar na laigí a bhaineann le córas na scéimeanna teanga, tá sampla tugtha agam i mo ráiteas tosaigh don dara scéim teanga a aontaíodh le Comhairle Contae na hIarmhí i mbliana. Sa scéim sin déanadh cúlú ar ghealltanas a bhí sa chéad scéim teanga go mbeadh an t-ábhar statach ar an suíomh gréasáin ar fáil go dátheangach. Theip ar an gcomhairle contae an méid sin a bhaint amach agus i ndiaidh próiseas faireacháin agus imscrúdaithe de chuid m'oifige, leagadh tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais ar an ábhar. Is gníomh é sin atá tromchúiseach agus neamhghnách. Sa dara scéim teanga, leasaíodh agus lagaíodh an gealltanas sin go suntasach. Ghoill sé orm mar Choimisinéir Teanga gurb é an freagra a bhí ar neamhchomhlíonadh gealltanas ná an riachtanas sin a laghdú ag an gcéad dheis eile.

Le bheith neamhbhalbh faoi seo, caithfear córas nua a thabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna teanga. An moladh atá agamsa ná go ndéanfaí rangú ar chomhlachtaí poiblí de réir a dtábhacht agus a gcumarsáid leis an bpobal, agus trí chóras rialacháin go leagfaí amach go soiléir na seirbhísí, go háirithe na seirbhísí sin nach bhfuil ag brath ar acmhainní daonna, a chuirfear ar fáil i nGaeilge. Na buntáistí a bhaineadh le sin ná nach mbeadh aon phróiseas idirbheartaíochta ar siúl mar atá i gceist le córas na scéimeanna teanga, nach mbeadh aon chúlú ar ghealltanais ó scéim go scéim, go mbeadh sruthlíniú déanta ar an bpróiseas riaracháin agus, an rud is tábhachtaí, b'fhéidir, go mbeadh sé soiléir don phobal céard gur féidir leo súil le ó gach earnáil. Níl aon amhras orm ach gur athrú suntasach é seo, ach leis an bpleanáil cheart creidim gur féidir é a dhéanamh agus, níos tábhachtaí ná sin, go dteastaíonn é a dhéanamh.

Gan dóthan daoine le Gaeilge a bheith fostaithe sa tseirbhís phoiblí, ní bheidh mórán rath le brath ar sheirbhísí poiblí a bheith ar fáil go sásúil i nGaeilge. Chuige seo caithfear aghaidh a thabhairt ar cheist na hearcaíochta. Tá cuid mhaith eolais curtha ar fáil roimhe seo a léiríonn gur líon an-íseal poist atá le haithint a bhfuil riachtanas Gaeilge luaite leo. Is léir go bhfuil drogall ar eagraíochtaí Stáit ceangal a chur orthu féin, mar a fheiceann siadsan é, go mbeadh riachtanas Gaeilge luaite le líon áirithe poist.  Fágann sin go bhfuil painéil d’iarrthóirí le Gaeilge á gcruthú agus gur beag post atá aitheanta dóibh. Bhí mí-thuiscint nó mí-bhrí ann ón tús go gcaitheadh Gaeilge a bheith ag 6% d'earcaigh nua a bheadh ag teacht isteach sa Státseirbhís de thoradh cinneadh Rialtais sa bhliain 2013. Dar ndóigh, ní hé sin atá i gceist. Is éard a bhí sa gcinneadh sin ná go gcruthófaí painéil de dhaoine le Gaeilge a bheadh cothrom le 6% den phainéal ginearálta. Ach, mura bhfuil poist le riachtanas Gaeilge á sainaithint, fágtar nach bhfuil daoine le Gaeilge ag teacht ó na painéil sin ag gach leibhéal sa Státseirbhís. Mar atá léirithe ag freagraí ar cheisteanna Dála, is oiread na fríde den chéatadán d'earcaigh nua atá ag teacht ó na painéil Gaeilge.

Go deimhin, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil cúlú ar siúl san áit go mbíodh riachtanas Gaeilge luaite le poist roimhe seo. Tá m'oifig faoi láthair ag scrúdú an tsonraíocht atá leagtha síos ag an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil do phoist sa tseirbhís leabharlainne poiblí. De réir an eolais atá ar fáil dúinn go dtí seo, táthar tar éis deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bhíodh ann roimhe seo toisc moladh ó ghrúpa oibre a bunaíodh sa bhliain 2015. Ba é dearcadh an ghrúpa oibre sin ná gur chruthaigh an riachtanas seo bac iontrála neamhriachtanach dóibh siúd gan Gaeilge labhartha nó dóibh siúd nach raibh an deis acu an teanga a fhoghlaim.

Táthar anois ag tabhairt feidhme do na socraithe seo le sonraíocht poist nua de chuid na Roinne. Níl aon riachtanas Gaeilge luaite leis an tsonraíocht atá feicthe againn i gcás leabharlannaí cathrach agus contae, leas-leabharlannaí cathrach, leabharlannaí chathair Bhaile Átha Cliath, leabharlannaí feidhmiúcháin, leabharlannaí roinne ná leabharlannaí cúnta. Ní heol dom ach an oiread go bhfuil aon socraithe faoi leith i gceist do cheapacháin i leabharlanna Gaeltachta. Tá an cheist shonrach sin ardaithe agam leis an Roinn agus táimid ag fanacht ar fhreagra.

Tá sé ráite i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go "sonróidh scéimeanna teanga amach anseo na poist laistigh d’eagraíocht a mbeidh cumas sa Ghaeilge riachtanach dóibh". Ní chreidimse go bhfuiltear ag tabhairt faoi chúrsaí earcaíochta le haon dáiríreacht agus gur sop in áit na scuaibe atá i gceist dóibh siúd le Gaeilge atá ag iarraidh a bheith ag obair sa tseirbhís phoiblí.

Táim an-bhuíoch as an gcuireadh teacht i láthair an choiste inniu agus fáiltím roimh aon cheist atá ag na baill.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Gabhaim buíochas leis an gCoimisinéir Teanga. Ní féidir a bheith níos soiléire.

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Cuirim céad fáilte roimh an gcoimisinéir os comhair an choiste nua seo, cé go rabhamar ag deileáil leis faoin gcomhchoiste eile a bhain le maoirsiú poiblí agus mar sin de. Bhí an coimisinéir agus an coimisinéir a tháinig roimhe thar barr ar fad ag cur cás na Gaeilge i láthair. Is maith an rud é go bhfuil comhchoiste buan againn anseo atá in ann díriú ar na ceisteanna seo go sonrach. Ardaíonn an coimisinéir cuid de na bun-cheisteanna atá ann ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de sa tír seo.

Tá roinnt ceisteanna gur mhaith liom a chur. Luaigh an coimisinéir rud maidir le Eircode sa tuairisc a thug sé don choiste agus an deacracht a bhí ann le sin. B'fhéidir go bhféadfadh sé beagáinín eile a rá faoi sin agus a mhíniú dúinn cén chaoi gur féidir cásanna den chineál sin a sheachaint amach anseo, ina thuairim. Aontaím go huile is go hiomlán leis maidir le Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil géar-ghá ag an bpointe seo le Acht na dteangacha nua nach gcuireann bac ná srian ar rudaí ach a bhreathnaíonn ar bhealach leis an nGaeilge a chosaint. Bheinn ag moladh don choiste seo go gcaithfimid breathnú ar sin mar cheann de na priarachtaí móra atá againn. Bheadh aon mholadh ag an gcoimisinéir ina leith sin iontach maith.

Sílim gur chóir dúinn dul trí chomhairliúchán. Ba chóir dúinn an comhairliúchán poiblí ar fad a fháil ó Roinn na Gaeltachta ionas go bhfoilseofar gach rud a bhí ann. Ba chóir dúinn scríobh chuig an Roinn ag iarraidh air an t-eolas sin a chur ar fáil maidir leis na sonraí sin. Bheadh muid in ann plé a dhéanamh ansin ar na hathruithe cuimsitheacha a deir an comisinéir atá ag teastáil.

Is léir nach bhfuil cás na scéimeanna ag obair. Tá teanga beag an choimisinéara caite aige, agus bhí sé caite ag Seán Ó Curreáin roimhe, ag caint faoi na scéimeanna teanga agus an gá atá ann iad a leasú. Is údar uafásach tromchúiseach é cás na leabharlann sin agus ról Chomhairle Contae na hIarmhí. Ní hamháin nach bhfuil siad ag feidhmiú scéimeanna teanga, ach tá siad ag cúlú ar na dualgais sa dara sraith de scéimeanna teanga. An bhféadfadh an coimisinéir labhairt linn maidir le daingniú na scéimeanna? De réir mar a thuigimse, is é Roinn na Gaeltachta a dhaingníonn na scéimeanna agus níl aon ról ag an gcoimisinéir ón taobh sin de. Dá bhrí sin, an é atá á rá ag an gcoimisinéir ná go bhfuil Roinn na Gaeltachta féin ag ceadú do eagraíochtaí pobail agus Stáit cúlú ar na scéimeanna nuair atá siad ag dréachtú an dara sraith de scéimeanna? An pátrún é sin atá le feiceáil i scéimeanna eile? Más ea, is ceist uafásach tromchúiseach é sin do Roinn na Gaeltachta, an tAire agus na feidhmeannaigh atá ag pléigh le daingniú scéimeanna. Ní hamháin go bhfuil na riaráistí agus eile ann, ach má táthar ag tabhairt cead do dhaoine cúlú ón dualgas atá orthu, is ceist uafásach tromchúiseach é sin. Sílim gur ábhar é gur cheart dúinn feidhmeannaigh na Roinne agus an tAire a cheistiú go dian faoi.

Go dtí seo bhíomar ag bualadh leis an gcoimisinéir b'fhéidir uair nó dhó sa bhliain. Ach i ndáiríre, os rud é go bhfuil an ról againne ag díriú ina iomlán ar cheisteanna mar seo, b'fhéidir go bhfuil gá go mbeadh tuilleadh eolais againn ón gcoimisinéir maidir le céard a chuireadh muid in áit na scéimeanna. Cén chaoi a n-oibreodh na rialacháin? Céard a bheadh i gceist leo? Tuigim go bhfuil an córas rialacháin bunaithe ar mhúnla na Breataine Bige. Cén chaoi a bhfeidhmeodh sé dá mbeadh muid ag cumadh Achta nua? An bhfuil aon deis ag an gcoimisinéir breis eolais a thabhairt dúinn faoina leithéid sin?

Tá cúrsaí earcaíochta fíor-thromchúiseach arís eile. Bhí mé ag glaoch ar cheann de na húdaráis áitiúla inniu. Ní chuirfidh mé ainm orthu ach beidh barúil mhaith ag na baill cad é fhéin. Tá sé aitheanta mar cheann de na comhairlí contae is fearr ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla de. Chuir mé glaoch air ag lorg eolais maidir le rud áirithe a bhain le cúrsaí pleanála. Fiafraíodh dom an raibh mé ag iarraidh seirbhís trí Bhéarla nó trí Ghaeilge. Dúirt mé go dtriallfainn uimhir a 2 go bhfeicfinn cén chaoi a n-éireodh liom. Cuireadh tríd mé go dtí an oifigeach a bhíonn ag pléigh le cúrsaí Gaeilge agus ansin chuala mé, "Tá tú tríd go dtí an tseirbhís. Fág teachtaireacht má tá tú ag iarraidh an cheist a bheith freagartha". Níor fhág mé teachtaireacht mar tá sé tarlaithe dom chomh mhinic cheana go bhfuil a fhios agam go dtógann sé lá nó dhó nó trí cinn sula bhfaighim freagra. Ghlaoigh mé ar an tseirbhís Béarla agus fuair mé an duine a bhí ag teastáil uaim ar an bpointe sin. Bhí barúil agam go dtarlódh sé sin. Cé chomh fhorleathan is atá sé sin? Dar liomsa, is é sin ceann de na comhairlí contae is fearr atá ag deileáil leis an Acht. Ar a laghad ar bith, faigheann tú tríd go dtí seirbhís freagartha.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Cén t-ainm a thug an Seanadóir?

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Ní bheadh sé míle míle ón mbaile agus an áit a bhfuil an Cathaoirleach ina cónaí. Cuirfidh mé ar an gcaoi sin é. Is é sin bun agus barr an scéil.

Dúirt an coimisinéir maidir le cúrsaí earcaíochta nach bhfuiltear ag fostú daoine le Gaeilge sna ranna éagsúla agus go bhfuiltear ag díriú i dtreo an oifigeach Gaeilge go minic sna heagraíochtaí, má tá oifigeach Gaeilge ann fiú. Tuigim go bhfuil cuid mhaith comhairlí contae ann nach bhfuil oifigeach Gaeilge fostaithe acu. Ach ní leor sin. Ní shin brí an Achta. Is é brí an Achta ná go mbeadh tú in ann glaoch ar an oifig pleanála má tá ceist pleanála agat, freagra a fháil agus deileáil le duine éigin ó thaobh cúrsaí pleanála i nGaeilge. Ar leor aon cheist earcaíochta leis an gceist seo a réiteach? An bhfuileamar an dul i dtreo an chineál ruda a bhí molta ina mbeadh cumhachtaí faoi leith ag Údarás na Gaeltachta, mar shampla, agus go mbeadh sé ag deileáil le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó thaobh seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do na ranna Stáit éagsúla? Bhí cinéal outsourcing i gceist in Údarás na Gaeltachta le go bhféadfaí é sin a dhéanamh. An bhfuil sé sin praiticiúil, an féidir é a dhéanamh agus céard é tuairim an choimisinéara faoi?

Sílim gur chóir go mbeadh an coiste ag scríobh maidir le na leabharlanna poiblí. Tá sé scannallach le ceapadh go mbeadh leabharlannaithe sinsearach in aon chontae gan Gaeilge acu. Sílim gur chóir go mbeadh an buan-choiste seo ag scríobh chuig an Roinn le rá nach bhfuilimid sásta glacadh le sin. B'fhéidir go n-iarrfadh muid ar an Aire teacht os ár gcomhair maidir leis an gceist shonrach sin. Is rud tromchúiseach é nuair a chuireann an coimisinéir teanga tuairisc os comhair na Tithe. Tá sé de dhualgas orainne feidhmiú ar sin. Sílim go bhfuil sé tábhachtach go labhródh muid leis an Aire sa chás sin maidir leis na leabharlannaithe. Seirbhís teanga bhunaithe atá i gceist le leabharlann. Tá an Ghaeilge fíor-thabhachtach ann. Táimid sleamhnaithe cheana féin ach má thosaíonn muid ag cailleadh na Gaeilge ag an leibhéal sin, beidh muid ag sleamhnú i bhfad níos mó. D'fháilteoinn roimh tuairimí an choimisinéara maidir le sin.

Ba mhaith liom an obair atá ar bun ag oifig an choimisinéara a mholadh go hard. Sílim go bhfuil a gcuid lámha ceanglaithe. I ndáiríre, bheinn cáinteach go leor nach bhfuil na hacmhainní curtha ar fáil do Roinn na Gaeltachta chun na riaráistí sna scéimeanna a dhaingniú agus nach bhfuil foireann maith go leor ag an Roinn le leanúint suas leis an obair seo. Le sin ráite, fágfaidh mé an t-úrlár ag daoine eile.

Deputy Aindrias Moynihan: Information on Aindrias Moynihan Zoom on Aindrias Moynihan Gabhaim buíochas leis an gcoimisinéir as an gcur i láthair. Tá tuairisc an-láidir curtha aige ar réimse ábhair tábhachtach. Ar an gcéad dul síos, ba mhaith díriú isteach más féidir ar na scéimeanna teanga. Tá a lán den mhéid a bhí in aigne agam a rá ráite cheana féin ag an Seanadóir. Is é an tuiscint a bhí agam agus ag a lán daoine i gcónaí ar na scéimeanna teanga ná go dtógtar an chéad scéim eile ar an gceann a bhí ann roimhe agus gur saghas ratcheting suas a bheadh ann. Tá sé soiléir nach é sin atá ag tarlú. An é go bhfuil b'fhéidir cut and paste ón sean-scéim i gceist nuair a bheadh ceann nua ag teacht? Tá sampla an-aisteach ansin i gContae na hIarmhí agus an cúlú atá ann. Cé chomh forleathan is a bhfuil sé sin? An é sin an scéal i ngach aon áit, b'fhéidir? Conas a bhféadfadh aon údarás plean a aontú le na heagrais sin? Más rud é go rabhadar le bheith ag tógáil na scéimeanna in airde ar an sean-cheann, caithfeadh sé a bheith aontaithe le Roinn na Gaeltachta. Bheadh aon chúlú nó easpa dul chun cinn sa phlean sofheicthe láithreach ag an Roinn. Cén fáth nach bhfuil aon fhuinneamh ansin? An raibh deis ag oifig an choimisinéara é sin a phléigh le na húdaráis sa Roinn? Is fadhb ollmhór é dá má rud é go bhfuil a leithéid ar siúl ann.

  Luaigh an coimisinéir an Eircode chomh maith. Táim ag iarraidh díriú ar sin ar feadh nóiméid. Tuigim go raibh ualach ollmhór agaibh ó thaobh na gearráin a tháinig as sin. Ní fheadar in aon chor an raibh aon chóras ag An Post chun pléigh le na gearráin a bhí ag teacht chuige féin. Tuigim go raibh conraitheoir ag pléigh leis an ábhar. An bhfuil a fhios ag na finnéithe ar chuir an conraitheoir na gearráin ar aghaidh chuig An Post chun réitigh a chur i bhfeidhm? An bhfuil réiteach tagtha orthu sin go léir? Shamhlófaí go mbeidís réitithe faoin tráth seo ag aon duine a bhí ag tarraingt na gearráin chuig An Post nó chuig an conraitheoir i dtosach. Cuireadh cúpla cheann os comhair na húdaráis i mí Iúil anuraidh. Ach fós i mbliana, ní rabhadar réitithe. Ní fheadar an bhfuil aon eolas ag na finnéithe ar an dul chun cinn atá ann nó an bhfuil córas curtha i bhfeidhm ionas nach dtarlódh a leithéid arís?

  Maidir leis an Acht nua, tá cúpla pointe léirithe ag an gcoimisinéir go bhfuil sé ag iarraidh a fheiceáil ann. An bhfuil rudaí san Acht atá ann faoi láthair nach bhfuil ag feidhmiú nó curtha i gcrích ach go bhféadfaí breis a dhéanamh leo chun iad a chur chun cinn?  Sna bearnaí ar fad atá feicthe, an bhfuil aon rud úsáideach gur féidir a tharraingt amach as?

  Tá ardmholadh agam don obair atá ar siúl ag oifig an choimisinéara. An bhféadfadh na finnéithe soiléiriú a dhéanamh ar na pointí sin?

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Ag an pointe seo, gheobhaimid freagraí an choimisinéara. Tá a fhios agam go bhfuil an Teachta O'Dowd ag fanacht agus labhróidh sé an chéad uair eile.

Deputy Fergus O'Dowd: Information on Fergus O'Dowd Zoom on Fergus O'Dowd Ní bheidh mé ró-fhada.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Tabharfaimid deis don choimisinéir freagraí a thabhairt ar dtús.

Deputy Fergus O'Dowd: Information on Fergus O'Dowd Zoom on Fergus O'Dowd Cinnte.

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Díreoidh mé ar cheist Eircode ar dtús os rud é gurb é an chéad cheist a d'iarr an Teachta Ó Muíneachán chomh maith leis an Seanadóir Ó Clochartaigh. Tabharfaidh mé cúlra beag don choiste faoi scéal Eircode. Go bunúsach, is éard a tharla ná gur tháinig an líon gearráin is airde maidir le haon ábhar amháin ariamh chuig m'oifig faoin gcóras Eircode agus an chaoi gur dáileadh na postchóid ar dhaoine. Go bunúsach, is éard a tharla ná go raibh daoine go raibh a n-ainmneacha agus seolta i nGaeilge ag fáil na hEircodes seo tríd an bhosca poist le ainm nár aithin siad toisc go raibh sé aistrithe go Béarla agus seoladh nár aithin siad toisc go raibh sé aistrithe mícheart go Béarla. Ghoill sé sin go mór ar dhaoine. Is rudaí an-tábhachtacha iad ainm agus seoladh i gcéannacht an duine. Ba léir go raibh laigí an-mhóra ann ón taobh sin de. Tá bealach amháin gur féidir é sin a sheachaint atá an-shimplí. Bheadh foráil san Acht féin, Acht na dteangacha nua, a cheadódh do dhuine leagan oifigiúil dá ainm agus seoladh a úsáid sa chéad teanga oifigiúil na tíre, an Ghaeilge. Lúb ar lár atá ann faoi láthair nach bhfuil a leithéid ann sa reachtaíocht gur féidir le duine a ainm agus seoladh a úsáid.

  Díreoidh mé ar an gceist ón méid atá tarlaithe ó shin. Déantar imscrúdú ar chomhlacht poiblí. Labhair an Seanadóir faoin tríú pháirtí. Sa chás seo, bhí scéim teanga daingnithe ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Chomhshaoil le Roinn na Gaeltachta. Mar chuid de sin, dúirt an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Chomhshaoil go n-úsáidfí an logainm Gaeltachta i mbun ghnó oifigiúla. Lean an dualgas sin ar aghaidh go dtí an comhlacht tríú pháirtí de réir an Achta. Bhíomar ag deileáil leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Chomhshaoil os rud é gurb é an Roinn sin a tháinig faoi scáth an Achta. Lean an dualgas a bhí ag an Roinn sin leis an scéim teanga ar aghaidh go dtí an comhlacht, Capita sa chás seo, a bhí i mbun an chórais nua Eircode. An rud a tharlaíonn nuair a dhéantar imscrúdú ná go ndéanann muide moltaí. I measc na moltaí ná go gcuirfí é seo ina cheart agus tá próiseas leanúnach ar siúl againn leis an Roinn ó thaobh é seo a chur ina cheart. An fhadhb is mó atá ann dar leosan ná go bhfuil an bunachar sonraí seo ann nach bhfuil críochnúil ó thaobh ainmneacha agus seoltaí daoine a bheith i nGaeilge. Is fiú dom a luadh go rabhamar in ann imscrúdú agus moltaí a dhéanamh mar gheall go raibh sárú déanta ar an reachtaíocht ó thaobh logainmneacha Gaeltachta de. Ach, sa chás go raibh duine ina chónaí taobh amuigh den Ghaeltacht - agus fuaireamar gearráin ó na daoine sin in áiteanna éagsúla - níor sáraíodh aon reachtaíocht dá bharr mar gheall nach raibh aon ghealltanas sa scéim teanga chun logainmneacha taobh amuigh den Ghaeltacht a úsáid. Léiríonn sé sin go soiléir, is dóigh liom, an laige atá sa reachtaíocht inar féidir le comhlacht poiblí litir a sheoladh chun críche oifigiúla an Stáit agus seoladh i mBéarla a chur ann cé nach n-úsáideann an té atá ina chónaí ansin an seoladh i mBéarla riamh.

  Ó thaobh Bhille nua agus córas na scéimeanna teanga, cuirim fáilte roimh an oiread spéise atá á thaispeáint ag baill an choiste i laigí an chórais sin. An laige is mó atá ann ná sa chóras féin, seachas le haon duine nó eagraíocht faoi leith. Tá an córas é féin lag. Má chuimhnítear air ar nós cluiche cártaí, tá ná máite uilig i lámha an chomhlachta poiblí seachas ar an taobh eile den bhord. Caithfidh siad aontú, comhaontú agus idirbheartaíocht a dhéanamh. Muna ghlacann an comhlacht poiblí le sin, bíonn an lá leis go minic agus ní dhaingnítear scéim atá fiúntach nó atá ag tabhairt bhreis seirbhísí fiúntacha don saoránach. Bhí sé go maith i dteoiric ag an tús, ach má bhreathnaíonn muid fiú amháin go hidirnáisiúnta, is léir go bhfuil tíortha eile ag imeacht ón gcóras sin anois. Bhí mé ag caint le coimisinéir teanga na Breataine Bige le déanaí agus tá siadsan ag imeacht ó chóras na scéimeanna teanga go dtí córas eile anois ar a dtugtar an córas caighdeáiniú.

  Tagann sé sin ar ais go ceist an tSeanadóra Uí Chlochartaigh go leagfaí síos sraith de chaighdeáin go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chomhlíonadh, seachas a bheith ag aontú scéimeanna teanga ina gceann agus ina gceann. Is léir ó na firicí go bhfuil deacrachtaí ann iad a dhaingniú agus go bhfuil go leor comhlachtaí poiblí nach bhfuil aon cheann daingnithe dóibh - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san áireamh, dála an scéil. Taobh amuigh de limistéar an iarthair, níl aon scéim teanga daingnithe acu siúd. Níl aon scéim teanga ag rá go bhfuil duine i dteideal teiripeoir cainte i mBaile Átha Cliath má tá duine ag lord teiripeoir cainte le Gaeilge. Níl sé sin luaite i scéim teanga mar níl a leithéid de scéim teanga ann. Má tá laghas fisiteiripe uait nó aon rud mar sin, níl aon scéim teanga ann a dhaingníonn an ceart sin do dhaoine.

  Chuir an Seanadóir Ó Clochartaigh ceist ag lorg breis eolais faoin ábhar sin. Dar ndóigh, ní féidir liom teacht trasna ar obair an choiste. Is iad Baill na Tithe atá tofa chun reachtaíocht a dhréachtú agus a aontú. Creidim go láidir sa reachtaíocht. Is scáthán den phobal atá sa reachtaíocht agus is féidir leis ról ceannaireachta a ghlacadh ó thaobh na sochaí sa tír seo le léiriú cén áit a dteastaíonn uainn dul.  Is jab do bhaill an choiste é an reachtaíocht sin. Ó thaobh bhreis eolais a fháil mar a lorg an Seanadóir, tá feidhmeanna faoin Acht trína bhronnadh cumhachtaí orm chun tráchtas a dhéanamh ar fheidhmeanna an Achta. Sa chomhthéacs a luaigh an Seanadóir de chóras na scéimeanna teanga, bheinn toilteanach cinnte tabhairt faoin gcuireadh sin agus breis eolais a thabhairt don choiste ar an gcóras sin.

Bhí ceist ansin faoi chúrsaí earcaíochta. Luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh cás chomhairle contae nó cathrach áitiúil agus an lasc ar chúrsaí earcaíochta ansin. Tá fadhb ann, mar a fheictear domsa é. Is féidir féachaint ar shamplaí atá ar fáil go hidirnáisiúnta. I gCeanada, mar shampla, tá rud ar a dtugtar an tairiscint réamh-ghníomhach. Go bunúsach, an rud atá i gceist le sin ná má shiúlann duine isteach in oifig Stáit ar nós chomhairle contae nó Roinn Rialtais nó áit mar sin, tugann an chéad duine a chastar leis an duine ag an deasc fháilte nó áit mar sin an rogha don duine a chuid gnó a dhéanamh i dteangacha oifigiúla na tíre sin. I gcás Cheanada, is é sin Béarla agus Fraincis. Ba cheart go mbeadh a leithéid ann anseo. Ba cheart go gceapadh daoine le Gaeilge go bhfuil fáilte rompu in oifigí Stáit, nach gceapadh said go bhfuil siad ag cur brú ar dhaoine, nach gceapadh siad go bhfuil siad ag cur moill ar na daoine taobh thiar dóibh, nach nárófaí iad nuair nach bhfuil an tseirbhís ar fáil agus nach mbeadh orthu fanacht 20 nóiméad, 30 nóiméad nó uair an chloig go dtí go bhfaigheadh siad duine le Gaeilge le freastal orthu chun seirbhísí a fháil trí Ghaeilge. Is bealach amháin é sin go bhféadfaí a thabhairt faoi. Tagann sé síos go cúrsaí earcaíochta agus níos mó daoine le Gaeilge a chur ag obair i Ranna Rialtais, i rialtais áitiúla agus in eagraíochtaí Stáit ná mar atá ann faoi láthair.

Maidir le na leabharlanna poiblí, mar a dúirt an Seanadóir, tá sé leagtha amach agam i mo ráiteas tosaigh agus i mo chuid cainte. Is bocht an scéal é, seachas a bheith ag caint faoi forbairt a dhéanamh, go bhfuileamar ag caint faoin gcúlú atá ar siúl sna leabharlanna poiblí. Mar Choimisinéir Teanga, is féidir liomsa an t-eolas sin a roinnt leis an gcoiste. Tagann sé ar ais go dtí laigí san Acht féin. An rud suntasach faoi ná nach bhfuil aon dlí á shárú anseo. Níl aon dualgas leagtha síos go soiléir i reachtaíocht na tíre go mbeadh a leithéid ann agus is é sin an áit ina bhfuil an chonstaic sa gcás sin.

Bhí an cheist deireanach ón dTeachta Ó Muíneacháin ag baint leis an Acht reatha agus cén chaoi a bhféadfaí oibriú leis an Acht atá ann faoi láthair. Áit amháin go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar sin ná i sceideal an Achta. Is é sin an áit a leagtar amach na comhlachtaí poiblí ar fad a thagann faoi scáth an Achta. Creid nó ná creid, níor dhéanadh aon uasdátú ar an sceideal sin ó 2006. Ciallaíonn sé sin go ginearálta nach dtagann aon chomhlacht poiblí a bunaíodh ó 2006 faoi scáth an Achta agus nach mbíonn deis againne feidhmiú dá réir. Faigheann muid comhoibriú ó chomhlachtaí poiblí nach dtagann faoin Acht go rialta, ach chuideodh sé cinnte dá mbeadh uasdátú déanta ar an sceideal sin sa chéad dul síos. Ó thaobh an Achta féin, teastaíonn athruithe struchtúrtha uaidh a théann i ngleic go sonrach le córas na scéimeanna teanga, a dhéanann rangú ar chomhlachtaí poiblí, a leagann na dualgais is troime orthu siúd a bhfuil teangmháil acu leis an bpobal agus a dhéanann feidhmiú dá réir ina dhiaidh sin.

Deputy Fergus O'Dowd: Information on Fergus O'Dowd Zoom on Fergus O'Dowd Molaim an obair atá á dhéanamh ag an gcoimisinéir. Tá an Ghaolainn mar a bhí sé riamh nuair a bhí an coimisinéir ag obair mar iriseoir anseo agus ag cur brú orainn go léir. Is é seo an t-am anois chun dul ar ais ar sin. Nílim ach ag magadh. Aontaím go mór leis an méid atá ráite ag an gcoimisinéir faoi na leabharlanna. Ba chóir go mbeadh Gaolainn ansin agus go mbeadh an duine atá ann in ann rogha a thabhairt do dhuine maidir le eolas, na leabhair atá le fáil nó aon rud ó thaobh cultúir agus teanga de. Ba chóir go mbeadh sé ann. Mar pholaiteoir maith, tá an cheist curtha agam chuig an Aire cheana féin inniu. Díreach nuair a bhí an coimisinéir ag caint bhí mé ag typáil anseo. Caithfidh go mbeadh toradh maith ar an ábhar sin.

Tá cúpla rud beag le rá agam. Molaim go bhfuil scoileanna nua á thógáil ar fud na tíre ach an rud gur mhaith liom a fheiceáil ná go mbeadh ainmneacha na scoileanna dátheangach. Tá mise ag féachaint ar scoileanna agus níl ach Béarla amháin orthu. Measaim gur chóir go mbeadh na hainmneacha as Gaolainn agus as Béarla ar an bhfoirgneamh féin. Is rud é sin a mholaim gur chóir go mbeadh ann. Nuair a théim go Banc na hÉireann, tá rogha agam Gaolainn nó Béarla a úsáid ar an meaisín atá acu. Measaim go bhfuil cuid de na comhlachtaí ag déanamh jab an-mhaith. Ní fheadar an ndéanann an coimisinéir aon scrúdú orthu siúd. Tá cuid de na comhlachtaí príobháideacha ag déanamh a ndícheall, i mo thuairim, an Ghaolainn a chur chun cinn. Molaim go mór na comhlachtaí atá ag déanamh sin. Nuair a fheiceann duine cásanna de chomhlachtaí Stáit, mar shampla Irish Water nó Uisce Éireann, tá á rá ag an gcomhlacht gur féidir Gaeilge a labhairt ansin agus is rud maith é sin. Caithfimid an moladh sin a thabhairt dóibh.

B'fhéidir nach é seo an post atá ag an gcoimisinéir i ndáiríre, ach tá an dlí agus an spiorad ann. Chun spiorad na Gaolainne a chur chun cinn, an bhfuil aon slí gur féidir leis a bheith páirteach i bhfiosrú conas gur féidir linn níos mó Gaolainne a úsáid i ngnáthshaol na tíre? Nílim ag caint faoi na rannóga Stáit ar chor ar bith. Tá i bhfad níos mó daoine timpeall ar mo thuath féin atá self-employed, ar nós painters, carpenters nó tógálaí, agus tá an t-ainm as Gaolainn acu ar na gluaisteáin nó na leoraithe. An féidir féachaint ar rudaí mar sin? Má tá an t-ainm as Gaolainn os comhair siopa atá ag duine, is rud an-mhaith é sin i mo thuairim. Ba chóir na cinn atá an-mhaith agus ag déanamh iarracht an-mhór a mholadh agus a thabhairt chun airde. Tá cuid atá ag déanamh sin. Ba chóir é sin a admháil dóibh. Sorry, níl mo chuid Gaolainne ró-mhaith. An bhfuil aon tuairim ag an gcoimisinéir ar an méid sin? Is é sin an méid atá á rá agam.

Deputy Peadar Tóibín: Information on Peadar Tóibín Zoom on Peadar Tóibín Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus na focail láidre a bhí le rá ag an gcoimisinéir. Tá a fhios agam go bhfuil siad ag déanamh a seacht n-iarracht an dlí a chur i bhfeidhm thart timpeall na tíre. Tá géarchéim san earnáil seo. Ceapaim féin nach dtuigeann daoine cé chomh dona is atá rudaí don Ghaeilge sa Státseirbhís. Aontaím go huile agus go hiomlán leis an Teachta O'Dowd ar an earnáil príobháideach, ach táimid na mílte míle i bhfad ó sin. Ní féidir linn an Stát é féin a shocrú i gceart maidir leis an nGaeilge, gan trácht ar an earnáil príobháideach. Tá sé chomh dona san earnáil seo gur sheas an t-iar-chomisinéir síos. Tá mise anseo le sé bliana anuas agus i mo thuairimse níl aon rud athraithe i ndáiríre i ndearcadh an rialtais ar an rud seo.

Bhíomar ag pléigh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge cúpla lá ó shin. Tá sé mar chuspóir don straitéis sin go mbeadh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil sa tír seo taobh amuigh den chóras oideachais i 2030. Má táimid chun an cuspóir sin a bhaint amach, ciallaíonn sé sin gur cheart go mbeadh 125,000 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil faoi láthair chun an trend sin a chomhlíonadh. Ach táimid fós 50,000 taobh amuigh den chuspóir sin a bhaint amach ag an nóiméad seo. Tá beagáinín dul chun cinn tagtha ar na figiúirí de réir an daonáirimh. Táimid ag fanacht ar an daonáireamh is déanaí freisin maidir le sin. I mo thuairimse féin, caithfidh an Rialtas a bheith i ndáiríre faoin rud seo.

Labhair an Seanadóir Ó Clochartaigh faoin Stát agus an teip atá air.  Fiú seachtain ó shin, chuir mé glaoch ar an Roinn Oideachais agus Scileanna. Roghnaigh mé uimhir a 2 freisin, le haghaidh iarracht a bhaint amach as. Ní raibh éinne ar fáil ar an uimhir sin. B'fhéidir go raibh fear bréige ann, ach i ndáiríre ní raibh duine ar bith ann. Gach lá nuair a iarrann duine Gaeilge a úsáid leis an Státcóras deir an Státcóras, "Imigh leat." Ní déanann an córas faic don duine sin. Níl ann ach faux-facade. Níl aon rud taobh thiar den facade sin chun an tseirbhís a comhlíonadh. Sin an fáth nach bhfuil daoine atá ag tógáil a clainne le Gaeilge ag dul ar ais chuige.

Tá figiúr uafásach suimiúil ann. An tslí is fearr don Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile ná an ghlúin sin a thógáil le Gaeilge. Idir an Tuaisceart agus an Deisceart, tá buiséad €20,000 ann chun é sin a dhéanamh taobh amuigh den Ghaeltacht. Is é €20,000 an méid atá againn chun clanna taobh amuigh den Ghaeltacht thar timpeall na Tríocha Dó Contae a thógáil le Gaeilge. Is seafóid é a bheith ag caint faoi comharthaí ar taobh veain ar mhótarbhealach muna bhfuilimid sásta labhairt Gaeilge le páistí.

An fhadhb atá ann ná go ndéanann an chuid is mó de Státseirbhísigh neamh-aird ar Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá a fhios agam go bhfuil an OPW ag briseadh a chuid dualgas reachtúil agus go mbíonn Oifig an Choimisinéara Teanga i dteagmháil leis an OPW faoi sin. Réitíonn an OPW an fhadhb ach an chéad uair eile a chuirtear comhartha bóthair nó rud éigin eile suas déantar an rud céanna arís. Is cur amú ama don choimisinéir é agus is cur amú airgid é dá hoifig go bhfuil sé sin ag tarlú. Caithfidh píonós nó costas éigin a bheith ann don Státseirbhís nuair nach gcomhlíontar an dlí.

An bhfuil foireann iomlán ag Oifig an Choimisinéara Teanga fós? An bhfuil buiséad iomlán ag an oifig fós? Aontaím go huile is go hiomlán maidir leis an méid a dúradh faoin mBreatain Bheag agus an caighdeán. Sin an tslí is éasca é sin a dhéanamh.

Cad iad tuairimí an choimisinéara faoi saghas action plan for the Irish language? Bhí Action Plan for Jobs ag an Aire, an Teachta Richard Bruton, sa Dáil dheireanach. Bhí an Taoiseach mar chathaoirleach ar an tionscnamh idir-rannach sin. Gach ceathrú den bhliain bhí orthu gníomhartha a ainmniú don Státchóras agus ansan slat tomhais a chur ar na gníomhartha sin. Diaidh ar ndiaidh, d'éirigh leis. Chaith mise anuas air ag an am ach d'éirigh leis cúpla rud tábhachtach a bhaint amach. Dá mbeadh an Rialtas ag déileáil leis an earnáil seo sa tslí chuimsitheach sin, b'fhéidir go mbeimid in ann na fadhbanna atá ann a réiteach.

Conas a shocraíonn rannóg Stáit go bhfuil Gaeilge riachtanach le haghaidh post? Cad iad na slite ina ndéantar sin? Aontaím go bhfuil sé níos fearr a bheith réamhghníomhach. Chuala mé go bhfuil gá aird a bheith ann do thionchar Bhille nua ar an mBreatnais agus an Bille sin á dréachtú.

Sin an méid atá le rá agamsa.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Tá cainteoir amháin fágtha. Glaoim ar an Seanadóir Ó Céidigh.

Senator Pádraig Ó Céidigh: Information on Pádraig Ó Céidigh Zoom on Pádraig Ó Céidigh Tá sé deas casadh leis an gcoimisinéir arís. Cuireann sé díoma mór orm an easpa misnigh atá ar an gcoimisinéir agus é ag cur a chuid i láthair ansin. Ní raibh mé ag súil leis sin. Mar dhuine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht, a oiread leis an gcoimisinéir féin, agus tá cónaí orm fós ann, lig na Ranna Stáit agus lig an Stát síos go mór muid agus tá muid ligthe síos fós. Má bhraithnítear ar mhuintir an Cheathrú Rua, muintir an Spidéil nó muintir Ros Muc, ní fheiceann siadsan buntáiste ar bith nó iarracht ar bith a dhéanamh ag an Stát le cabhrú leo. Dar liomsa, sin bun agus barr nó croílár an scéil seo. Aontaím leis an Teachta Tóibín maidir leis na hiarrachtaí atá an coimisinéir a dhéanamh. Ní dóigh liom go bhfuil an t-airgead nó an tacaíocht aige agus is cinnte nach bhfuil na Ranna Stáit ag tabhairt tacaíocht dó le go bhféadfaí mar is cóir an Ghaeilge a úsáid i bhfad níos minicí agus úsáid i bhfad níos fearr a bhaint aisti.

Dar liomsa, an bunrud atá daoine as an nGaeltacht ag iarraidh ná jabanna. Má fhaigheann muintir na Gaeltachta jabanna, fanfaidh siad ann agus labhróidh siad Gaeilge.

Tá i bhfad níos mó suim san Ghaeilge anois ar fud na tíre agus sa Ghaeltacht go háirid, ach tá daoine ag iarraidh Béarla a labhairt freisin. Is fada an lá é ó d'imigh m'athair go Sasana - b'fhéidir go bhfuil a fhios ag an Seanadóir Ó Clochartaigh é seo mar rugadh agus tógadh é i Sasana - ach ní raibh aon Bhéarla aige nuair a d'imigh sé ann. Bhí air Béarla a fhoghlaim. Nuair a tháinig sé ar ais go Conamara, an rud a bhí sé ag iarraidh orainn a dhéanamh ná cúpla focal Béarla a bheith againn. Tá go leor daoine nach dtuigeann é seo ach bhí sé an-tábhachtach ag an am sin, agus tá sé tábhachtach fós, go mbeadh Béarla againn. Is dream dhá-theangach muid.

Is é bun agus barr an scéil leis an straitéis 20 bliain ná nach bhfuil ann ach box-ticking. Chaithfinn-se amach uilig é agus thosnóinn é nua as an bpíosa. Tá straitéis iomlán ag teastáil ó thaobh na Gaeltachta de agus ó thaobh na Gaeilge de. Tá páirt fíor-thábhachtach ag an gcoimisinéir ann. Tá mise agus chuile dhuine anseo ag tabhairt 100% tacaíocht dó. Tuigeann muid an tinneas atá air nach féidir leis an post atá aige agus rud atá sé ag iarraidh a dhéanamh a dhéanamh mar níl sé ag fáil an tacaíocht. Níl ann ach box-ticking. Is mór an náire é don Stát agus dúinn uilig é sin. Má bhíonn aon tionchar againn, faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh, dá bhféadfadh muid an cnaipe sin a bhrú ar aghaidh ar bheagánín, dhéanfadh sé difríocht an-mhór.

Níl aon cheangal idir muintir na Gaeilge agus an straitéis 20 bliain nó forbairt teanga. Luaigh an coimisinéir an próiseas pleanála teanga agus pleananna teanga. Níl ansin ach rud acadúil le go mbeadh plean ar phíosa pháipéir. Tá muid ag iarraidh go mbeadh seans againn dul amach ag obair agus go mbeadh clann ag daoine agus go mbeadh teach ag daoine agus go mbeidís in ann fanacht san áit gur rugadh agus tógadh iad. Níl siad in ann é sin a dhéanamh. Tá muid ligthe síos go láidir ag an Stát le blianta fada anuas ach b'fhéidir go bhfuil seans againne athrú beag a dhéanamh air sin.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Tá cúpla ceist ansin don Choimisinéir.

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Tá cúpla ceist ann agus freagróidh mé iad san ord a bhfuair mé iad. Fáiltím roimh caint an Teachta faoi cheist na leabharlannaithe. Táim ag faire ar an toradh a bheas air sin. Mar a luaigh mé, tá ceist ann ó thaobh na leabharlannaithe agus an bhfuil an dualgas ann ó thaobh na Gaeltachta fiú. Luaigh an Seanadóir Ó Céidigh an próiseas pleanála teanga. Bheadh sé thar a bheith aisteach dá mbeadh daoine ag cur plean teanga le chéile do na pobail Ghaeltachta agus ag an am céanna go mbeadh seans ann go siúlóidís isteach i leabharlann agus nach mbeadh aon dualgas go mbeadh duine le Gaeilge taobh thiar den deasc. Is ábhar é sin go mba chóir díriú air.

Cuireadh ceist faoi chomhlachtaí príobháideacha. Ní thagann siad faoi mo dhlínse faoi láthair ach is féidir le comhlachtaí príobháideacha ról ceannaireachta a ghlacadh. Tá samplaí feicthe agam. Go minic, feiceann muid gur féidir leo ról níos feiceálaí agus níos láidre a ghlacadh ná comhlachtaí poiblí. Is bocht an scéal é ar bhealach nach bhfuil na comhlachtaí poiblí ag seasamh ar chomhleibhéal leo sa gcás sin. Mar shampla, is féidir Google Gmail a dhéanamh as Gaeilge. Tá comharthaí leictreonacha i nGaeilge anois i McDonald's. Agus duine ag fáil chips agus burger, tá na comharthaí leictreonacha i nGaeilge. Tugann sé sin teachtaireacht do dhaoine go bhfuil an Ghaeilge feiceálach. Tuigeann daoine atá ag labhairt na Gaeilge sa mbaile go bhfuil fáilte rompu in áit a bhfuil an Ghaeilge feiceálach. Ar a mhalairt ansin, nuair nach bhfuil sé feiceálach, is as sin go n-eascraíonn na fadhbanna.

Tagann sé sin don cheist faoi spiorad na reachtaíochta seachas an reachtaíocht féin. Ceann de na rudaí atá déanta againn le bliain anuas ná ról níos gníomhaí a ghlacadh ó thaobh comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí.  Bhí seimineár againn ag an Oireachtas i mbliana, mar shampla, agus bhí níos mó daoine ag iarraidh teacht ag an seimineár ná mar a raibh spás ann dóibh. Labhair muid faoi na dualgais atá san Acht agus dúramar go bhfuil muid ann chun cabhrú agus cuidiú leo. Táimid ann chun tuiscint a thabhairt dóibh freisin faoin gcúis go bhfuil an tAcht ann agus é sin ról níos lárnaí a thabhairt don Ghaeilge i tsochaí na tíre. Sin an ról go bhféadfadh a bheith agamsa ansin. D'fhéadfainn a bheith réamh-ghníomhach ó thaobh comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí.

Deputy Fergus O'Dowd: Information on Fergus O'Dowd Zoom on Fergus O'Dowd Bhí ceist agam faoi ainmneacha bunscoileanna.

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Ó thaobh na comharthaíochta de, tagann sé sin ar ais go dtí an méid a bhí mé ag rá faoi chomhlachtaí príobháideachta agus comharthaíocht dá-theangach. Bíonn an Ghaeilge feiceálach agus téann sé sin i bhfeidhm ar dhaoine, go mórmhór ar ghasúir scoile. D'fheicfeadh siadsan agus iad ag siúl isteach chun na scoile go bhfuil ainm na scoile i nGaeilge agus i mBéarla agus go bhfuil an dá theanga ar chomhchaighdeán. Nuair nach bhfuil sí feiceálach agus nuair a fheiceann daoine nach féidir leo í a úsáid agus nach bhfuil sí os comhair a dá shúile, tugann sé sin teachtaireacht dóibh, agus is drochrud é sin.

Deputy Fergus O'Dowd: Information on Fergus O'Dowd Zoom on Fergus O'Dowd An bhfuil aon ról ag Oifig an Choimisinéara nó ag an Aire Oideachais agus Scileanna ann?

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Braitheann sé ar an dtagann siad faoin Acht nó nach dtagann. Braitheann sé sin ar cásanna aonair.

Deputy Fergus O'Dowd: Information on Fergus O'Dowd Zoom on Fergus O'Dowd Scríobh chuig an Aire anyway.

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Dá mbeadh sé ag tarlú san Roinn Oideachais agus Scoileanna, cinnte bheadh dualgas áirid ag an Rialtas.

Deputy Fergus O'Dowd: Information on Fergus O'Dowd Zoom on Fergus O'Dowd Níl sé sásúil. Aontaíonn an coimisinéir leis sin. Déanfaidh mé raic leis an Aire amárach.

Mr. Colm Ó Coisdealbha: Dá bhféadfainn cur leis sin, tagann na Boird Oideachais agus Oiliúna faoi sceideal an Achta. Sa chás go bhfuil scoil gurb é an patrún atá uirthi ná an Bord Oideachais agus Oiliúna, bheadh dualgas ann. I gcásanna eile, is dóigh liom i ndáiríre go dtiocfadh sé síos go dtí polasaí na Roinne. Bhraithfeadh sé ar an bpatrún. Ce hé patrún na scoile? Cé a shocraigh an t-ainm? Tagann sé ar ais don cheist seo: an mbeadh polasaí ag an Roinn Oideachais agus Scileanna gur chóir go mar sin a bheadh?

Deputy Fergus O'Dowd: Information on Fergus O'Dowd Zoom on Fergus O'Dowd Measaim gur chóir go mbeadh sé. Gan dabht ar bith, caithfidh sé a bheith dá-theangach i ngach scoil sa tír. Tá Gaeilge á múineadh sna scoileanna agus ní maith an rud é muna bhfuil an t-ainm i nGaeilge, .

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta Tóibín as a chuid cainte. Labhair sé faoi bheith ag glaoch ar an Roinn Oideachais agus Scileanna agus ag fanacht ar an nguthán go rialta agus faoin OPW agus na deacrachtaí céanna ag ardú a gcloigne an t-am ar fad. Goileann sé ormsa freisin go bhfuil na deacrachtaí céanna ag teacht chun cinn. Caithfimid cuimhneamh go bhfuil go leor de na dualgais tagtha i bhfeidhm ó thosú an Achta in 2004 agus go bhfuil rialacháin ann agus mar sin de ó bhí 2006 ann. Ní cheart go mbeadh na fadhbanna ceannann céanna ag tarlú. Léiríonn sé dearcadh faoi leith ag leibhéal ginearálta go mbeadh an rud céanna ag tarlú arís agus arís eile.

Chuir an Teachta Tóibín ceist shonrach faoi fhoireann na hoifige agus buiséad na hoifige. Tá seachtar ceadaithe don oifig faoi láthair agus mé féin an t-ochtú duine san oifig. Is státseirbhísigh de chuid Roinn na Gaeltachta atá iontu. Tá siad ar secondment go dtí m'oifig. Nuair a thosaigh mise, ní riabh stiúrthóir ceadaithe don oifig ach tá stiúrthóir ceadaithe agus ceaptha ó shin. Tá duine sa bhreis anois ceadaithe chomh maith chun e a thabhairt ó seisear mar a bhí ceadaithe ar dtús go seachtar. Is dul chun cinn é sin ach táimid ag fós ag fanacht mar tá an próiseas earcaíochta sin fós ar bun. Ó thaobh bhuiséad na hoifige, €670,000 an buiséad iomlán a bhí ann anuraidh. Is muid ceann de na heagraíochtaí Stáit is lú sa tír ó thaobh foirne agus bhuiséid.

Ar cheart go mbeadh níos mó ann? Cinnte, d'fhailteoinn é; d'fháilteodh chuile eagrais é. Cuideodh sé go mór. Mar shampla, mar a bhí mé ag labhairt leis an Teachta O'Dowd ó thaobh comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí, cuideodh sé go mór linn dá mbeadh breis daoine againn chun tuilleadh dó sin a dhéanamh. Cuideodh sé linn a bheith réamh-ghníomhach. Féadfaidh muide a bheith ag déanamh an tairisceana gníomhaí agus ag dul amach do chomhlachtaí níos minice ná mar is féidir linn faoi láthair. Cuireann sé an-bhrú ar an acmhainn daonna atá againn nuair a théann muid amach ag casadh le comhlachtaí poiblí. Bíonn duine as láthair ón oifig ar feadh b'fhéidir dhá nó trí lá. Dá mbeadh níos mó foirne againn, sin an áit go bhfeicfinn go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh sa gcás sin.

Cuireadh ceist chomh maith faoi cén fáth a shocraíonn Ranna Stáit ar dhuine nó beirt le Gaeilge a shainaithint as 700 nó 800 duine agus cén próiseas atá acu. I ndáiríre, chaithfí an cheist a chur ar na Ranna Stáit iad féin. Agus muid ag déileáil le Ranna Stáit go hiondúil, má bhíonn, bíonn oifigeach Gaeilge acu nó bíonn duine le Gaeilge sainaithinte, b'fhéidir, in oifig an Aire nó in oifig na preasa. Sin an méid a bhíonn ann go minic, ach tá eisceachtaí ann, dar ndóigh. Tá Roinn na Gaeltachta - mar a bheifí ar súil leis - ach tá líon áirid atá ard go maith ó thaobh poist agus daoine atá in ann feidhmiú trí Ghaeilge sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádala. Is léir, áfach, go bhfuil mí-thuiscint ann faoin 6%. Níl 6% d'earcuithe nua ag teacht isteach sa Státseirbhís le Gaeilge. Ní sin atá ag tarlú. Tá liosta ann le 6% ach an rud atá ag tarlú ná go bhfuil Ranna Rialtais ag rá nach teastaíonn uathu ach duine amháin nó beirt. Mar eagraíochtaí móra, níl sé sin realaíoch ar aon bhealach.

Ó thaobh plean gnímh don Ghaeilge, ó mo thaobh-se de, sílim go bhfuil gníomh ag teastáil ó thaobh Acht na dTeangacha. Sin mo réimse. Ó thaobh Acht na dTeangacha, tá gníomh ag teastáil le dul i ngleic le laigeachtaí ata san Acht. Tá an straitéis 20 bliain ann, mar a luaigh an Seanadóir Ó Céidigh. Is faoin gcoiste é cinneadh a dhéanamh air sin. An t-aon bhaint atá agamsa leis an straitéis ná ó thaobh na hearcaíochta de. Deirtear sa straitéis go ndéarfaidh Ranna Rialtais sna scéimeanna teanga an méid daoine le Gaeilge atá ag teastáil uathu agus cá mbeidh na postanna á shainaithint - chun an téarma sin a úsáid. An rud atá muide ag feiceáil sna scéimeanna teanga ata ag teacht ar ais chugainne ná go bhfuil siad ag rá nach bhfuil éinne le Gaeilge ag teastáil nó nach bhfuil ach duine amháin nó beirt le Gaeilge ag teastáil. Is iad san eagraíochtaí le 700, 800 nó, b'fhéidir, 2,000 duine. Sin atáimid ag feiceáil sna scéimeanna teanga.

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Tá Roinn na Gaeltachta ag daingniú na scéimeanna sin agus ag glacadh leis sin.

Mr. Rónán Ó Domhnaill: De réir an Achta, sea. Sin an bealach atá ann. Tá siad ag teacht faoin ár bhráid-----

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Is faoi chead Aire na Gaeltachta atá sin ag tarlú le bheith fírinneach.

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Sea.

Ó thaobh cheist an Sheanadóir Ó Céidigh, ní mhaith liom go gceapfadh sé go bhfuil easpa misnigh orm. Táim réalaíoch faoin méid atá mé ag feiceáil os mo chomhair. Creidim go láidir i gcúrsaí reachtaíochta. Creidim gur féidir le reachtaíocht dea-thionchar a imirt agus gur féidir leis ról an Stáit a léiriú go sonrach. Creidim go féidir le reachtaíocht ról cinniúnach a léiriú ó cá bhfuil muid ag dul ó thaobh na Gaeilge de. Ní easpa misnigh atá orm. Creidim go bhfuil deis ann anois, go mórmhór leis an mbuan-choiste seo, gur bhféadfadh an coiste, mar Theachtaí Dála agus mar Sheanadóirí, ról sonrach agus láidir a imirt ó thaobh reachtaíocht láidir a chruthú. Léireodh an reachtaíocht láidir sin ceannaireacht agus leagfadh an reachtaíocht dualgais troime ar na comhlachtaí poiblí is mó a bhfuil teagmháil acu leis an bpobal.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly An bhfuil an coimisinéir críochnaithe? Tá. Bhí an Teachta Moynihan ag iarraidh teacht isteach arís chun rud a shoiléiriú.

Deputy Aindrias Moynihan: Information on Aindrias Moynihan Zoom on Aindrias Moynihan Gabhaim mo bhuíochas leis an gCathaoirleach as teacht thar nais chugam don tarna uair. Bhí ceist agam nár bhraitheas go raibh freagra air. Bheinn buíoch dá shoiléireodh an coimisinéir cúpla pointe dom. Maidir leis na scéimeanna, thug an coimisinéir an sampla de Chomhairle Contae na hIarmhí agus an cúlú a bhí ann. Tá an coimisinéir tar éis féachaint ar cúpla scéim le tamall. Cé chomh forleathan is a bhfuil an rud sin nó an eisceacht atá ann? An bhfuil dreamanna ag déanamh cut and paste ón seanphlean nó cad go díreach atá ag tarlú?

Toisc nach bhfuil na scéimeanna ag tógaint ar a chéile agus go mbraitheann an coimisinéir gur chóír go mbeadh reachtaíocht ann a bheadh ag leagadh síos go díreach cad atá le bheith sna scéimeanna nua, an bhfuil aon bhaol ann go mbeadh saghas top-down nó them-there-up-there plans á bhrú anuas orainne leis na comhlachtaí nó leis na heagrais éagsúla ansan? An bhfuilimid imithe chomh fada leis sin?  Tá pointe deireanach agam. Luaigh an coimisinéir go bhfuil comhlachtaí ann a bunaíodh ó shin nach bhfuil clúdaithe ag an Acht. An bhfuil, mar shampla, na Education and Training Boards clúdaithe faoin Acht? Bhí an Vocational Education Committee clúdaithe. Bíonn na Education and Training Boards an-ghníomhach i gcúrsaí oideachais.

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Más féidir liom, tá dhá phointe eile agam. Luaigh mé an comhairliúchán poiblí a rinne Roinn na Gaeltachta maidir le hAcht na dTeangacha nuair a bhí sé ag réiteach na cinn Billí nua. Go bhfios dom, níor foilsíodh torthaí an comhairliúcháin phoiblí. An bhfuair Oifig an Choimisinéara Teanga léargas ar an gcomhairliúchán poiblí sin? Má fuair, céard é a bhraith an coimisineir faoi?

Luaigh an coimisinéir rud a bhí an-suimiúil ó thaobh a bheith ag cur foráil nua leis an Acht chun go mbeadh cead ag duine leagan Gaeilge dá ainm a úsáid. Sa gcás sin, an gcaithfeadh teastas breithe nó pas Gaeilge a bheith acu mar bhunrud. Feictear dom le deireanas go bhfuil cásanna ag teacht chun cinn leis an National Transport Authority, NTA. Tuigtear dom go bhfuil daoine ag iarraidh leagan Gaeilge dá ainm a úsáid agus iad ag fáil pas mar thiománaí tacsaí ach go bhfuil an NTA ag diúltú an cead sin dóibh mara bhfuil an bun-cháipéis - an teastas breithe nó an pas - i nGaeilge. Dá bhrí sin, dá mbeadh muid ag cur an foráil sin san Acht, an gcaithfeadh duine dul ar ais agus leagan Gaeilge dá pas, mar a bheadh orm féin a dhéanamh, a fháil ar dtús leis sin a chur i bhfeidhm?

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Ó thaobh córas na scéimeanna teanga de agus an cúlú, sula dtabharfainn freagra cinniúnach air sin, rachaidh mé ar ais don méid a d'iarr an Seandóir Ó Clochartaigh orm agus leis an ngá mionstaidéar a dhéanamh ar an gcóras, saghas páipéar nó tráchtas a chur le chéile agus ansan teacht ar ais chuig an gcoiste. Cinnte tá muid ag feiceáil patrún de shaghas ann agus go bhfuil scéimeanna ag teacht isteach agus cúlú ann in áiteanna. Maidir le cé chomh forleathan is atá sé, sin an obair atá romham tar éis an chruinnithe seo. Beidh orm tabhairt faoi sin agus teacht ar ais chuig an gcoiste chuige sin.

Ó thaobh an contúirt go bhfuil sé seo ag teacht ón mbarr agus ag cur brú ar dhaoine, creidimse go bhfuil ról ceannaireachta le glacadh ag an Stát faoi seo. Níl aon mhaitheas don Stát a rá nach bhfuil an t-éileamh ann le haghaidh seo agus nach féidir é a dhéanamh mar nach bhfuil na daoine ann. Má chreidimid gurb í an Ghaeilge an teanga oifigiúil agus má táimid chun seasamh leis sin agus iarracht a dhéanamh borradh a chur faoin nGaeilge, caithfidh an ról ceannaireachta sin a bheith ag teacht ón mbarr sa gcéad dul síos. Sin a chreidim faoi sin.

Iarrfaidh mé ar an Uasal Ó Coistealbha an cheist faoi na Boird Oideachais agus Oiliúna a fhreagairt.

Mr. Colm Ó Coisdealbha: Tá na boird oideachais faoin Acht ach an cúis go bhfuil siad tugtha isteach faoin Acht ná luadh san Acht a bhunaigh na boird oideachais aon áit a bhfuil tagairt déanta do choiste gairmoideachais in aon reachtaíocht eile gur féidir anois a léamh gurb ionann sin agus bord oideachais. Tháinig sé isteach ar an mbealach sin. Ar an iomlán, tá timpeall 40 comhlacht poiblí eile atá bunaithe nach bhfuil istigh faoi sceideal an Achta. Tá cinn suntasacha ann. Mar shampla, níl an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre a dhéanann go leor ó thaobh ceadúnais tiomána istigh faoin Acht. Bíonn go leor idirghníomhaíochta ag an údarás sin leis an bpobal. Faigheann muid cuid mhaith gearáin faoin an údarás sin ach níl sé faoi sceideal an Achta.

Deputy Aindrias Moynihan: Information on Aindrias Moynihan Zoom on Aindrias Moynihan Mar sin, is comhlachtaí nua ar fad agus ní comhlachtaí gur shíolraigh anuas ó chomhlacht a bhí ann cheana féin atá ann.

Mr. Colm Ó Coisdealbha: Den chuid is mó, ach feictear na cinn suntasacha. Tóg Uisce Éireann mar shampla. Níl sé sin istigh faoin Acht ach an oiread. Tá cinn mhóra ann a mbíonn teagmháil mhór acu leis an bpobal. Ní sin le rá, mar a dúirt an coimisinéir, nach mbíonn comhoibriú maith ann leis na comhlachtaí sin. Uaireanta, déanann siad níos mó ná mar is gá dóibh a dhéanamh. Ach i ndeireadh na Dála, de bhrí nach bhfuil siad faoin reachtaíocht, níl aon dhualgas reachtúil orthu. Is féidir leo roghnú rudaí a chur ar fáil, ach níl aon dualgas orthu é a dhéanamh.

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Chun filleadh ar an Seanadóir Ó Clochartaigh arís, ó thaobh comhlachtaí poiblí, foilsíodh na moltaí a rinneadh mar chuid den phróiseas athbhreithnithe ag an am gur foilsíodh na cinn Billí. Cuirfidh muid ar aghaidh iad go dtí an coiste agus go dtí an Seanadóir, más mian leis. Foilsíodh iad ag an am. Go bunúsach, 'séard a léirigh siad ná go raibh formhór mór na ndaoine ag iarraidh Acht níos láidre agus Acht a chuaigh i ngleic leis na fadhbanna atá acu. Ba léir nach dtéann na cinn Billí a fhoilsiodh i ngiorracht dó sin ó thaobh an méid a bhí ag teastáil ón bpobal.

Ó thaobh teastais, ainmneacha agus seoltaí agus fóráil a chur isteach san Acht féin, theastódh cruthúnas de shaghas éicint go raibh ainm á úsáid i mBéarla nó i nGaeilge chun feidhm a thabhairt dó sin. Féadfadh breathnú ar Acht na bPasanna agus na critéir atá leagtha síos ann má tá duine ag iarraidh pas i nGaeilge. Caitheadh teastas breithe nó cruthúnas a bheith ann go bhfuil an duine ag úsáid a ainm i nGaeilge le dhá bhliain. Bheadh a leithéid mar sin cabhrach.

Maidir le córas na scéimeanna, an chaoi go mbíonn siad daingnithe, na laigeachtaí atá ann agus an tAire a bhíonn á ndaingniú, is é an córas atá mí-cheart. Is e an córas atá lag. Sin an áit a bhfuil an fhadhb. Tá na cártaí uilig ag an gcomhlacht poiblí. Sin an áit a bhfuil an fhadhb leis an gcóras sin.

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh An pointe a bhí mé ag déanamh níos túisce ná go bhfuil an dara scéim á réiteach ag na heagrais. Níl aon bhaint ag an gcoimisinéir leis sin. Is é Roinn na Gaeltachta atá ag ceadú an dara scéim. Má tá sé glactha, mar shampla, i gcás Chontae na hIarmhí, mar a luaigh an coimisinéir, chead an Roinn é agus chaith an tAire síniú a thabhairt ar an scéim daingnithe, de réir mar a thuigim.

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Tá sé sin fíor.

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Dá bhrí sin, tá Roinn na Gaeltachta ag tabhairt cead scéimeanna a ghlacadh. Bheifí ag súil leis go mbeadh an Roinn ag déanamh a mhalairt.

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Léiríonn sé go bhfuil an córas lochtach go hiomlán agus gur ghá díriú ar bhealach eile anois chun cearta teanga a bhronnadh ar dhaoine.

Deputy Peadar Tóibín: Information on Peadar Tóibín Zoom on Peadar Tóibín Ar shéan An Roinn Oideachais agus Scileanna scéim a shíniú riamh?

Senator Trevor Ó Clochartaigh: Information on Trevor Ó Clochartaigh Zoom on Trevor Ó Clochartaigh Roinn na Gaeltachta?

Deputy Peadar Tóibín: Information on Peadar Tóibín Zoom on Peadar Tóibín Gabh mo leithscéal. Roinn na Gaeltachta.

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Ar shéan an Roinn cén rud?

Deputy Peadar Tóibín: Information on Peadar Tóibín Zoom on Peadar Tóibín Ar dhiúltaigh an Roinn aon cheann de na scéimeanna sin a shíniú?

Mr. Rónán Ó Domhnaill: Faoin Acht, an cumhacht atá ann ná gur féidir leis an Aire tuairisciú a dhéanamh chuig Tithe an Oireachtais nach bhfuil comhlacht poiblí sásta scéim teanga a aontú ach níl sé sin tarlaithe riamh.

Chairman: Information on Catherine Connolly Zoom on Catherine Connolly Gabhaim mo mhíle bhuíochas leis an gCoimisinéir Teanga, leis an Uasal Ó Coisdealbha agus le Ms Órla de Búrca freisin. Tá a fhios agam nach bhfuil agaibh ach foireann an-bheag. Tá éacht déanta acu anseo. Ní feidir a rá nach bhfuil na laigí ar eolas againn anois. Tá siad curtha os ár gcomhair go neamhbhalbh agus táim buíoch as sin. Is drochscéal é i ndáiríre ar leibhéal amháin ach, ar leibhéal eile, tá sé tábhachtach a rá go bhfuil réiteach ar na fadhbanna seo agus tá na bealaí sin curtha os ár gcomhair freisin.

Níl aon ghá le heaspa misnigh. Tá dualgas ar an gcoiste anois agus obair le déanamh againn. Níl drogall ar bith orm a rá ar son an choiste go mbeidh muid sásta obair as lámh a chéile. Tá súil agam agus táim cinnte go mbeidh muid i dteagmháil leis an gcoimisinéir agus a oifigigh go rialta. Le cúnamh Dé, beidh siad ar ais os ár gcomhair agus beagánín dul chun cinn déanta.

Beidh sos againn anois ar feadh cúpla nóiméad fad is atá an coimisinéir agus a oifigigh ag fágáil an seomra.

The joint committee suspended at 6.40 p.m., resumed in private session at 6.42 p.m. and adjourned at 6.55 p.m. until 5 p.m. on Tuesday, 18 October 2016.


Last Updated: 01/20/2017 05:00:40 AM First Page Previous Page Page of 2 Next Page Last Page